An difríocht idir athruithe ar: "Anno Domini"
Content deleted Content added
Chuir mé an t-alt dúbailte ar ceal. Ní mór a lán eile a dhéanamh, áfach. |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is é is brí leis na focail [[Laidin|Laidine]] '''Anno Domini''' (nó '''Anno Domini Nostri Iesu Christi''') ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar '''A.D.''' nó '''AD''' a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le h[[uimhir]] na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost.
Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothruithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.
As Gaeilge, is féidir na litreacha "A.D." a léamh amach mar "d'aois ár dTiarna". Cé gur gnách gan an t-alt a úsáid sa Ghaeilge roimh ainmfhocail a dtagann uimhir ar a lorg - "teach a dó", "seomra a trí" a deirtear, mar shampla - is í an ghnáthúsáid i litríocht na Gaeltachta féin scinneadh ón nós seo nuair atá uimhreacha na mblianta i gceist. Mar sin, "sa bhliain 2006" an leagan is fearr, in áit "i 2006" nó "i mbliain a 2006", cé nach mbeadh ach an leagan deireanach ag freagairt do ghnáthnósanna uimhriúcháin na Gaeilge.
Na blianta roimh bhreith Chríost, cuirtear "r. Chr." leo sa Ghaeilge. Is ionann sin agus "BC" a fheictear sa Bhéarla.
==Stair '''Anno Domini'''==
Dar le beagnach gach fear léinn sa lá atá inniú ann go raibh sé mí-cheart. Dar leo rugadh é idir [[8 RC]] agus [[4 RC]].▼
Sa chéad cheithre chéad bliain de Ré na Críostaíochta, bhítí ag baint úsáide as an bh[[féilire]] Rómhánach, ach nuair a tháinig meath ar [[Impireacht na Róimhe]], theastaigh córas eile ó na daoine leis na blianta a chomhaireamh. Sa bhliain [[525]], chuaigh an manach Rómhánach [[Dionysius Exiguus]] i dtuilleamaí an eolais a bhí ar fáil sa [[An Bíobla|Bhíobla]], agus is é an tátal a bhain sé as ná gur rugadh [[Íosa]] 525 bliana roimhe sin.
==Féach freisin ar==▼
▲Dar le beagnach gach fear léinn sa lá atá
*[[Féilire Muslamach]]
*[[Féilire Giúdach]]
Line 33 ⟶ 41:
[[tr:Anno Domini]]
[[zh:公元]]
--[[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 20:46, 18 Lúnasa 2006 (UTC)
|