An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 16:
Ba phearsa mhór í Virginia Woolf sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i measc an aois liteartha i [[Londain|Londain Shasana]], agus bhí sí ar cheann de na baill is cáiliúla de Chumann Bhloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus John Maynard Keynes páirteach freisin). I measc na saothar is mó le rá aici, tá na húrscéalta ''Mrs Dalloway'' (1925), ''To the Lighthouse'' (1927) agus ''Orlando'' (1925), agus an t-alt ''A Room of One's Own'' (1929), inar scríobh sí: "Ní mór do bhean airgead agus seomra s'aici féin a bheith aici má tá sí chun ficsean a scríobh".<ref>"A woman must have money and a room of her own if she is to write fiction." A Room of One's Own (1929) Virginia Woolf.</ref>
 
== A Céad ÓigeBeathaisnéis ==
=== A Céad Óige ===
[[Íomhá:Julia Stephen with Virginia on her lap 1884.jpg|thumb|180px|Virginia óg ar ghlúin a máthar, le Henry H. H. Cameron, 1884]]
Rugadh Virginia Adeline Woolf (''née'' Stephen) i [[Londain|Londain Shasana]] sa bhliain 1882. Rugadh a máthair, spéirbhean chlúiteach a raibh Julia Prinsep Stephen (''née'' Jackson) uirthi, san [[India]] sa bhliain 1846 agus b'iad an dochtúir John agus Maria Pattle Jackson a tuismitheoirí. D'aistrigh máthair Virginia Woolf anoir go Sasana sa bhliain 1848,<ref name="jackson">Julia Prinsep Jackson, c.1856 http://libproxy.smith.edu/libraries/libs/rarebook/exhibitions/stephen/31a.htm</ref> agus beadh sí ina cuspa d'ealaíontóirí réamh-Rafaeilíteacha le leithéid Edward Burne Jones.<ref name="jackson"/> Ba staraí aithnidiúil, údar, léirmheastóir agus sléibhteoir é athair Virginia Woolf, Sir Leslie Stephen.<ref>Alan Bell, ‘Stephen, Sir Leslie (1832–1904)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006</ref>
Line 36 ⟶ 37:
Bhí grá agus ómós an domhain ag Virginia Woolf dá hathair Leslie Stephen riamh, agus is dá bharr sin go ndeachaigh a bhás chomh mór i bhfeidhm uirthi nuair a cailleadh é de bharr ailse sa bhliain 1904. D'fhulaing sí cliseadh néarach eile agus bhí an ceann sin chomh tromchúiseach is gur cuireadh í faoi ghlas agus faoi chúram síciatrach ar feadh tamaill.<ref>Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon</ref> Tar éis bháis Leslie Stephen, d'aistrigh Virginia, a deirfiúr is a beirt leathdheartháir ón seanteach ag Hyde Park Gate go teach eile ag 46 Gordon Square i mBloomsbury (ceantar atá suite i gcroílár Londan Shasana).
 
=== Bloomsbury ===
[[Íomhá:Virginia Woolf in Dreadnought Hoax.jpg|thumb|right|Bob HMS Dreadnought. Is í Virginia Woolf an chéad duine ar chlé]]
Níorbh fhada an lá ó bhog Virginia Woolf agus a muintir chun na háite go raibh a dteach i mBloomsbury ag croílár ghrúpa úr liteartha is ealaíne, mar atá ''Cumann Bhloomsbury''. Thug suíomh áisiúil an tí seans do Virginia óg aithne a chur ar leithidí Lytton Strachey, Clive Bell, Rupert Brooke, Saxon Sydney-Turner, Duncan Grant, [[Roger Fry]] agus [[Leonard Woolf]], an fear a bheadh ina fear céile níos deireanaí.