An difríocht idir athruithe ar: "Moosajee Bhamjee"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Polaiteoir |ainm =Moosajee Bhamjee |íomhá = |teideal1 =Teachta Dála |dátaí1 =25 Samhain 1992 – [[6 ...'
 
mNo edit summary
Líne 10:
Is iar-pholaiteoir [[Éire|Éireannach]] de chuid [[Páirtí an Lucht Oibre|Páirtí an Lucht Oibre]] é '''Dr. Moosajee Bhamjee''' (rugadh é [[4 Nollaig]] [[1947]]). Ba é an chéad [[Teachta Dála|Teachta Dála]] [[An tIoslam|Muslamach]] in Éirinn.
 
Rugadh Moosajee Bhamjee i b[[Pietermaritzburg]] na h[[An Afraic Theas|Aifrice Theas]] sa bhliain 1947. Inimirceach ón [[An Ind|Ind]] sa bhliain [[1906]] ab ea a athair a thosaigh siopa crua-earraí ann. Fuair sé bás sa bhliain [[1964]] agus socraíodh go leanfadh mac amháin ag obair sa siopa agus go leanfadh mac eile ag staidéir. Thaistil Bhamjee go [[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1965]] chun freastal ar [[Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn|Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn]] . Bhí beirt deartháir aige ag staidéir leighis i mBaile Átha Cliath ag an am céanna. Tar éis dó céim leighis a bhaint amach, d'fhill sé go dtí an Aifric Theas agus thosaigh sé ag obair mar dhochtúir ginearálta. D'fhill sé go hÉirinn sa bhliain [[1975]] agus phós sé cailín a bhí aithne aige uirthi ó bhí sé ina mac léinn i mBaile Átha Cliath. Bhog siad go [[Gaillimh]] agus níos déanaí go [[Corcaigh]] áit ar oileadh é mar shíciatraí. Thosaigh sé i bpost buan in Ospuidéal in [[Inis]], i g[[Contae an Chláir]], 20 míle ó mhuintir a bhean chéile, sa bhliain [[1984]].
 
Chuaigh Bhamjee isteach i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain [[1991]] agus roghnaigh é mar iarrthóir don pháirtí i ndáilcheantar an Chláir in olltoghchán na bliana [[1992]]. Toghadh é, rud nach raibh éinne ag súil leis, de réir an bhorrtha ar líon vótaí Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán sin. Chuaigh Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas le [[Fianna Fáil]] tar éis an olltoghcháin ach bunaíodh comhrialtas nua idir Páirtí an Lucht Oibre, [[Fine Gael]] agus an [[Daonlathas Clé]] dhá bhliain níos déanaí. Bhí Bhamjee mar chúlbhinseoir an t-am go léir agus lean sé ag obair mar shíciatraí. Níor sheas sé sa chéad olltoghchán eile sa bhliain [[1997]] agus chaill an páirtí an suíochán i gClár.