An difríocht idir athruithe ar: "Seiléiniam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
 
Tá a lán allatróp éagsúil ag an seiléiniam. An seiléiniam a fhaightear mar thoradh imoibriúchán ceimiceach sa tsaotharlann, is púdar dearg dímhorfach é. Thairis sin, is féidir seiléiniam dearg criostalach a tháirgeadh, chomh maith le seiléiniam dubh. Is é an t-allatróp is cobhsaí ó thaobh na teirmidinimice de ná an seiléiniam liath. Seoltóir leictreachais é an seiléiniam liath, ach ó athraíonn a sheoltacht go mór faoi thionchar an tsolais, tagann sé isteach úsáideach i ndéantús an chineál gléasra a úsáidtear le solas a bhrath is a aithint. Tá criostail an tseiléiniam léith - ar a dtugtar seiléiniam tríogánach freisin - comhdhéanta as slabhraí d'adaimh sheiléiniam. An seiléiniam dearg, arís, is éard atá ann ná móilíní ochtadamhacha, Se<sub>8</sub>.
 
Tá dhá ocsaíd ag an seiléiniam, an dé-ocsaíd SeO<sub>2</sub> agus an trí-ocsaíd SeO<sub>3</sub>. Ocsaídí aigéadacha iad, agus má thagann siad i dteagmháil leis an uisce déanfaidh siad ocsaigéid: aigéad seiléanúil H<sub>2</sub>SeO<sub>3</sub> agus aigéad seiléanach H<sub>2</sub>SeO<sub>4</sub>. Tugtar seiléinítí ar shalainn an aigéid sheiléanúil, agus is seiléanáití iad salainn an aigéid eile. Cosúil leis an aigéad sulfarach, is aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é an t-aigéad seiléanach. Is féidir leis, fiú, an t-ór féin a ocsaídiú, ionas go bhfaighfear seiléanáit óir, Au<sub>2</sub>(SeO<sub>4</sub>)<sub>3</sub>.
 
{{síol}}