An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 10:
 
Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.
 
Cé go bhfuil ''Dracula'' ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille ''Carmilla'' le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh ''Dracula''. Scéal earótach uafáis é ''Carmilla'' a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.
 
==Aistriúcháin==