An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 24:
Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.
 
==Aistriúcháin go Gaeilge==
 
Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar.