An difríocht idir athruithe ar: "Seacht"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
méid_eipeasóidí = 8 |
}}
Is clár teilifíse íé '''Seacht''' de chuid [[TG4]]. Thosaigh sé ar an [[7 Aibreán|7ú Aibreán]], [[2008]]. Leanann an clár seachtar mac léinn atá sa chéad bhliain ar acadamh taibh-ealaíon i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]]. Díríonn an plota ar Eithne, cailín ceanndána ionraic suaite, arbh é a caidreamh rollchóstóra le Pete, DJ neamhiontaofa ach mealltach príomhscéal drámatúil na sraithe. Is bitseach fealltach mailíseach uaillmhianach í Joanne, a chreideann go gcuideoidh a caidreamh le léachtóir léi duais mhór an acadaimh a bhaint - scoláireacht shé mí le hamharclann mór-le-rá sa West End. Beartaíonn Linda theacht chun an acadaimh le héalú óna athair smachtúil agus ansin, faigheann sí grá, cairdeas agus treoir nua ina saol. Tá an-talann agus pearsantacht tharraingteach ag Decko, ach tá a easpa féinmhuiníne agus cuthaileacht ag cur as dó - agus is é féin atá thíos leis i gcás croí-bhristeach grá gan chúiteamh don spéirbhean Caroline. Is duine uaillmhianach díograiseach é Brian, a bhfuil barraíocht dúile sa chollaíocht aige: ní bhacann sé le caidrimh - déanfaidh fling aon oíche cúis dósan! Coinneoidh an scéal loinneach an lucht féachana ar bís agus pearsantachtaí agus caidrimh á bhforbairt agus á bhfí de réir mar a théann an tsraith ar aghaidh.
 
Dar le [[Foinse]],