An difríocht idir athruithe ar: "An Mhuir Aeigéach"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is í an '''Mhuir Aeigéach''' (Tuircis: ''Ege Deniz'', Nua-Ghréigis: ''Αιγαίο Πέλαγος/Aigaio Pelagos'') an chuid den Mheánmuir atá suite idir an Ghréig (an Leathinis Bhalcánach agus an Leathinis Pheilipinéiseach) ó thaobh amháin de, agus an Tuirc (an Mhion-Áise) ón taobh eile de. Is iad Oileán na Créite agus Caolas na Dardainéile teorainneacha na Mara Aeigéiche theas agus thuaidh.
An focal Gréigise ''Αρχιπέλαγος/Arkhipelagos'', a chuaigh in úsáid ina lán teangacha sa chiall "oileánra", is seanainm ar an Muir Aeigéach é, agus is é is bunbhrí leis ná "An Phríomh-Fharraige". Tá an Mhuir Aeigéach ag cur thar maoil le hoileáin bheaga, agus mar sin, athrú nádúrtha céille a bhí ann.
[[Íomhá:Aegeansea.jpg|thumb|Grianghraf satailíte.]]
|