An difríocht idir athruithe ar: "Síle na gcíoch"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 18:
I dTiobraid Árann atá an cuid is mó de na deilbhíní seo. Tá ceann acu ar fhoirgneamh de chuid an 15ú haois ar [[Carraig Phádraig|Charraig Phádraig]], agus é suite ar chúinne a bhfuil radharc maith air ag teacht isteach duit. Deibhín síonchaite é, ach is féidir a chuid tréithe a aithint. Tá ceann eile ar chúl Óstán Phálás Chaisil (teach mór a thóg an Ardeaspag Bolton san 18ú haois), agus na saintréithe uile le feiceáil air, cé gur giorraíodh cuid den chloch.<ref>Counihan, 1992, lch 230.</ref>
 
Tháinig deilbhín eile chun solais sa bhliain 1990 agus é bainte de bhalla seanscoile i dTulach Ruáin i gContae Chill Chainnigh. B’fhéidir go bhfuil baint aige le Caisleán an Ghrásaigh i m[[Baile an tSoirtéalaigh]]. Tá deilbhín eile ar Chaisleán na Cloiche Mantaí sa chontae céanna, rud a threiseodh leis an teoiric go raibh Síle na gcíoch ann mar chosaint ar chontúirt.<ref>Counihan, 1992, lch 230-31.</ref>
 
Thángthas ar dheilbhín i reilig Theampall Naomh Bríd de chuid Eaglais na hÉireann i Ros Fhionnghlaise i gContae Laoise sa bhliain 1991. I Músaem Náisiúnta na hÉireann atá sé anois, agus gan eolas ar aon cheann eile sa chontae sin a bhaineann le heaglais.<ref>Counihan, 1992, lch 231.</ref>