An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge na Mumhan"

Content deleted Content added
Líne 97:
 
Maidir leis na briathra neamhrialta, in áit an ''-as'', is é an dóigh a gcuireann siad an chéad phearsa uatha in iúl san aimsir chaite ná leathnú an chonsain dheireanaigh: ''thánag'' "tháinig mé", ''dúrt, duart'' "dúirt mé", ''chuala'' (gan iarmhír gan forainm) "chuala mé", ''chonac'' (fuaimniú: ''ch'nuc'') "chonaic mé" (ach, ar ndóigh, deirtear ''chuas'' "chuaigh mé", ''rugas'' "rug mé", ''bhíos'' "bhí mé"). Maidir le ''thánag'' agus ''chuala'', is iad sin na ceartfhoirmeacha stairiúla, ach is ar éigean a úsáideann aon chanúint ar leith an bheirt acu, nó i gCiarraí, rinneadh ''thána'' de ''thánag'' faoi thionchar ''chuala'', ach i gContae Chorcaí, rinneadh ''chualag'' de ''chuala'' faoi thionchar ''thánag''.
 
Bíonn foirmeacha aimsire caite an bhriathair úd ''déan!/déanamh'' bunaithe ar an tamhan ''dein-'': do dheineas, do dheinis, do dhein sé, do dheineamar, do dheineabhair, do dheineadar; do deineadh.
 
=== An Aimsir Ghnáthchaite ===