An difríocht idir athruithe ar: "Truman Capote"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: mk:Труман Капоти |
No edit summary |
||
Líne 14:
Bunaíodh timpeall fiche scannán agus dráma teilifíse ar scéalta le Capote.
==A Shaol==
Rugadh '''Truman Streckfus Persons''' i New Orleans ar an 30 Meán Fómhair 1924, agus ba iad a thuismitheoirí Archulus Persons agus cailín seacht mbliana déag darbh ainm Lillie Mae Faulk. Ní raibh sé ach ceithre bliana d'aois nuair a fuair an lánúin colscaradh, agus ansin tugadh go Monroeville i stát Alabama é, áit ar thóg muintir a mháthar é. Ba ansin a chuir Truman aithne ar chailín darbh ainm Nelle [[Harper Lee]]. Bhí siad ina ndlúthchairde go lá a bháis, agus chabhraigh Harper le Truman an leabhar cáiliúil ''In Cold Blood'' a scríobh.
Sa bhliain 1933 d'aistrigh Truman go Nua-Eabhrac, áit a raibh cónaí ar a mháthair agus ar a fear céile nua. B'as Cúba do Joseph Capote, agus é sásta glacadh le Truman mar mhac agus a shloinne féin a bhronnadh ar an mbuachaill. Mar sin a rinneadh Truman García Capote de Truman Streckfus Persons.
Thosaigh Truman ag scríobh scéalta nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois.
{{síol}}
|