An difríocht idir athruithe ar: "Bremerhaven"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 28:
=== An Dara Cogadh Domhanda ===
[[Íomhá:Deutschland Besatzungszonen 8 Jun 1947 - 22 Apr 1949 amerikanisch.svg|thumb|right|200px|An chríoch faoi fhorghabháil na Meiriceánach, mar a shocraíodh é ar an 8 Meitheamh 1947]]
As siocair Bremerhaven a bheith ina bhunáit don ''Kriegsmarine'' (cabhlach na [[Naitsithe]]) i gcaitheamh an [[Dara Cogadh Domhanda|Dara Chogaidh Domhanda]], ba sprioc é riamh d'fheachtas buamála na gComhghuallaithe. Fágadh an chathair ina smidiríní ar fad, seachas cuid áirithe den chalafort a tháinig slán as na heachtraí ar fad, rud a shocraigh na bumadóirí Briotanacha is Meiriceánacha d'aon turas, ionas go mbeadh siad in ann a n-úsáid féin a bhaint asti in eireaball an chogaidh.<ref>[http://permanent.access.gpo.gov/lps51153/airforcehistory/usaaf/chron/index.htm United States Army Air Forces in World War II le Jack McKillop]</ref> Maraíodh cuid mhaith de dhaonra Bhremerhaven sa tréimhse chéanna, agus fágadh na mílte duine gan dídean.
 
I ndiaidh an chogaidh, nuair a rinneadh an Ghearmáin a roinnt do lucht an ionraidh, bhí Bremerhaven, maraon le [[Bremen]], suite i lár chríoch na mBriotanach. Ní hamhlaidh a d'fhan cúrsaí, áfach, agus fuair an dá chathair iad féin faoi fhorghabháil na Meiriceánach sul' i bhfad. Ba é suíomh áisiúil Bhremerhaven a ba chúis leis an chinneadh seo, go háirithe mar go raibh mórchuid den chríoch a bhí faoi fhorghabháil na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] suite i bhfad ó dheas, agus go raibh calafort ag teastáil uathu.