An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
Líne 36:
 
===Cosacaigh Zaporizhia===
 
Chuala an saol iomrá ar Chosacaigh Zaporizhia, nó bhí an-ról acu i ngeopholaitíocht na hEorpa Thoir, agus iad ag comhoibriú leis an stát Polannach-Liotuánach nó ag cur catha air, de réir mar ab áil leo. Bunaíodh an chéad Mharcshlua Cosacach i Zaporizhia sa bhliain 1552, nuair a thóg Dmytro Vyshnevetsky daingean in Oileán Khortytsia in Íochtar [[An Dnípir|na Dnípre]]. Faoi lár na seachtú haoise déag, d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia amach in aghaidh na bPolannach faoi cheannas Bogdan Chmielnicki (nó Bohdan Khmelnytsky), agus de thoradh na ceannairce seo tháinig an chéad stát neamhspleách Cosacach ar an bhfód i Zaporizhia. Ina dhiaidh sin, d'iompaigh an stát seo ina heatmánacht fhéinrialaitheach, stát a thug urraim d'Impire na Rúise, agus é á rialú sách neamhthuilleamach ag an heatmán, is é sin, ceannasaí an mharcshlua. Sa dara leath den ochtú haois déag, scrios na húdaráis Rúiseacha marcshlua Zaporizhia, agus d'aistrigh iarsmaí an mharcshlua go réigiún na Danóibe agus ina dhiaidh sin go dtí an réigiún chois Mhuir Mheoid. I ndiaidh na bliana 1828 bhí an chuid ba mhó de Chosacaigh na Danóibe tar éis socrú síos i réigiúin Chosacacha Kuban agus Mhuir Mheoid. Inniu, ní bhíonn Cosacaigh Kuban admhálach gur Úcránaigh eitneacha iad, ach is féidir a mhaíomh gur canúint de chuid na hÚcráinise a labhraíonn siad, agus is féidir blas na hÚcráine a aithint ar a gcuid béaloidis.
 
===Cosacaigh in Arm na Polainne-Liotuáine (na Cosacaigh Chláraithe)===