An difríocht idir athruithe ar: "Nasctheanga"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
Líne 7:
* Nasctheanga a bhí sa teanga [[Tok Pisin]] ar dtús. Anois, áfach, tá sí ag iompú ina [[fásteanga]], agus cainteoirí dúchais ann.
 
* Nasctheanga stairiúil ab ea í an teanga [[Russenorsk]]. Meascán den [[Rúisis]] agus den [[Ioruais]] a bhí ann agus gramadach an-simplí ag dul leo. Bhí sí á húsáid ag na hiascairí Rúiseacha agus Ioruacha ina gcuid gnóthaí tráchtála le chéile, go dtí gur dhún an [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair|réabhlóid Bhoilséiveach]] an teorainn.
 
* Nasctheanga stairiúil eile ab ea í an teanga [[Chinook Jargon]]. Béarlagair measctha a bhí ann a fuair a chuid focal ón m[[Béarla]], ón bh[[Fraincis]] agus ó na teangacha bundúchasacha a bhain leis an ngrúpa Chinook. Chuaigh an chuid is mó de na teangacha seo in éag cheana féin. Bhí an Chinook Jargon á labhairt in iarthuaisceart [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], áit a bhfuil [[Alasca]], stát [[Washington]], [[Oregon]] agus [[an Cholóim Bhriotanach]] inniu. D'iompaigh an teanga seo ina fásteanga chomh maith, teanga ar a dtugtar Chinook Wawa. Tá an teanga Chinook Wawa á labhairt mar theanga dhúchais in Oregon inniu féin.