An difríocht idir athruithe ar: "Cló Gaelach"

Content deleted Content added
anseo mar shampla!
 
No edit summary
Líne 1:
Ba é an '''cló Gaelach''' an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Críostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa cúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.
 
[[Íomhá:Gaelic-font-Corcaigh.png|deas|200px|thumb|An focal "Corcaigh" scríofa sa chló Gaelach.]]
Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidneach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní. Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta [[Séarlas Mór|Shéarlais Mhóir]]. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an t[[Abrogans]], ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.
 
Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an ''punctum delens'' príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús,. sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air. Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.
 
Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas [[Éilís a hAon (Sasana)|Éilís a hAon]], a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar ''chló'', ar an bhfód roimhe sin.
 
Nuair a tháinig an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm i ndeireadh na ndaichidí, caitheadh an cló Gaelach i dtraipisí freisin, díomaite den chorrúsáid a bhaintear as mar mhaisiú. Dháiríre, is ar éigean is féidir teacht trasna ar leabhar Gaeilge ina mbeadh an cló Gaelach á úsáid in éineacht leis an litriú nua. Is dócha nach bhfuil ach aon sampla amháin ann - ''Na Glúnta Rosannacha'' le [[Niall Ó Dónaill]], a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain [[1952]], an chéad uair.