An difríocht idir athruithe ar: "Oireachtas na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Féile cultúrtha is ea '''An tOireachtas''' ( nó '''Oireachtas na Samhna''' ) faoi bhráid [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Cuireadh tús leis le féile aon lae i [[1897]], ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i [[1893]]. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, [[17 Bealtaine]] [[1897]]. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]].
 
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht - ag na féilte. Bíonn dhá fhéile eagraithe in aghaidh na bliana, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna.