An difríocht idir athruithe ar: "An tSeirbea-Chróitis"

Content deleted Content added
Líne 64:
Mar a dúradh, tá an trí chaighdeán bunaithe ar an mórchanúint úd "štokavski", agus, le bheith beacht, ar an leagan de ar a dtugtar "novoštokavski", is é sin, "štokavski" nua. Sa chanúint seo, ní féidir an bhéim a chur ar an siolla deireanach. Mar sin, ''izvini'' an focal ar "gabh mo leithscéal" sa Rúisis agus sa tSeirbea-Chróitis araon, ach is ar an dara siolla ón deireadh atá an bhéim sa tSeirbea-Chróitis (''izvíni''), cé go bhfuil sé ar an siolla deireanach (''izviní'') sa Rúisis.
 
Tá leaganacha éagsúla den ''novoštokavski'' féin ann, áfach, agus is í an phríomhdhifríocht atá eatarthu ná an guta a rinneadh den tseanghuta Slavach ar a dtugtar ''jatj'' nó ''yat'' i dteanga an léinn Shlavaigh. ''Yat'' an t-ainm Rúisise ar an litir (nach n-úsáidtear a thuilleadh) a sheas don ghuta seo in aibítir na Rúisise - ѣ. Creidtear gur [æː] a bhí ann ar dtús, is é sin, an guta a chloisfeá san fhocal Gaeilge ''bean'' mar a fhuaimnítear i gConamara é. D'fhorbair an guta seo ar bhealaí éagsúla i gcanúintí difriúla na Seirbea-Chróitise. I gcuid de na canúintí rinneadh défhoghar de a scríobhtar mar "je" nó "ije"; tugtar "jekavski" nó "ijekavski" ar na canúintí seo. Cuid eile arís, déanann siad "i" de, agus "ikavski" an téarma dúchasach ar na canúintí seo. "Ekavski" a thugtar ar na canúintí a rinne gnáth-"e" den ghuta.
 
Ni thugann caighdeán ar bith aitheantas don "ikavski", canúint a chloistear ar chósta na Cróite, in áiteanna cosúil le Dubrovnik. Glactar leis an dá leagan, idir "ijekavski" agus "ekavski" sa tSeirbis (an dara leagan amháin a thaispeántar faoin "tSeirbis" sa tábla thuas), ach is é an leagan "ijekavski" an t-aon leagan a cheadaítear sa Chróitis agus sa Bhoisnis.
 
{{síol}}