An difríocht idir athruithe ar: "Heilsincí"

Content deleted Content added
Amirobot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ckb:ھێلسینکی
Líne 26:
[[Íomhá:Helsinki.vaakuna.svg|thumb|Armas Heilsincí]]
 
B'é Gustaf Vasa, rí na Sualainne, a bhunaigh an chathair ar an 12ú lá de Mhí an Mheithimh [[1550]] le cuid den tradáil a bhréagadh ó [[TallinnTaillinn]] trasna na murascaille. D'ordaigh an rí do bhuirgéisigh na gcathracha úd [[Porvoo]], [[Ulvila]] (in aice le [[Pori]]), [[Ekenäs]], agus [[Rauma]] bogadh go dtí an chathair nuabhunaithe, ach ar dtús, bhí na seantraidisiúin tradála ní ba láidre ná briathar cumhachtach an rí féin, agus níor tháinig borradh ar an gcathair nua ach go mall.
 
Sa bhliain [[1561]], thit tuaisceart na hEastóine, in éineacht le TallinnTaillinn féin, leis an tSualainn, agus mar sin, níor iompaigh bunú Helsincí amach chomh tábhachtach agus a shíl an rí Gustaf ar dtús. Mar sin féin, tháinig sí isteach úsáideach mar bhunáit ag longa cogaidh na Sualainne.
 
An áit ina raibh an chathair suite ar dtús, ní raibh sí oiriúnach do longa móra na linne, agus mar sin, hathraíodh Heilsincí go háit ní b'fhearr sa bhliain 1640. Tréigeadh an tseanchathair a bhí suite i mbéal na habhainne úd Vantaanjoki. Inniu, tugtar Vanhankaupunginlahti nó Bá na Seanchathrach ar an áit sin, agus í suite idir na bruachbhailte úd Hermanni, Arabianranta, Viikki, Herttoniemi, agus Kulosaari.