An difríocht idir athruithe ar: "Antartaice"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: diq:Antarktika
Líne 31:
Sa [[geimhreadh|gheimhreadh]] reonn cuid mhaith den fharraige timpeall na hAntartaice agus téann uisce an-fhuar síos sa duibheagán, áit a dtéann sé i bhfeidhm ar shruthanna na n-aigéan. Téann an t-oighear go mór i bhfeidhm ar an atmaisféar freisin agus oibriú na n-aigéan á mhaolú aige. Bacann sé malartú na ngás ([[ocsaigin]], [[Dé-ocsaíde charbóin|dé-ocsaíd charbóin]], gal uisce agus eile) agus bíonn sé ina insliú idir an fharraige agus an atmaisféar: is lú an méid teasa a chailleann an t-[[uisce]]. Chomh maith leis sin, frithchaitheann an t-oighear solas agus teas na [[An Ghrian|gréine]].
 
Is lú an salann atá san oighear mara ná mar atá sa sáile, agus an salann nach bhfuil gafa ag an oighear méadaíonn sé salandacht agus dlúithe na farraige. Is féidir leis seo dul i bhfeidhm ar chomhiompar agus ar ghluaiseacht an uisce agus cothaithigh a thabhairt aníos. Nuair a leánn an t-oighear san Earrach[[earrach]] scaoileann sé uisce níos glaine uaidh, ag cruthú sraith dhaingean uachtarach nach mbíonn chomh goirt sin.
 
Tá mórán [[algae]] istigh san oighear nó thíos faoi, agus borraíonn siad sa tsraith ghlanuisce a thagann ann agus an t-oighear ag cúlú sa samhradh. Itheann cril an fíteaphlanctan atá ag brath ar an oighear mara, agus bíonn an chril á hithe ag míolta móra, ag rónta, ag piongainí agus eile. Síolraíonn roinnt rónta agus piongainí ar an oighear agus is féidir leis a bheith ina áit dhídine acu.