An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
Trikinosis (plé | dréachtaí) No edit summary |
mioncheartuithe |
||
Líne 11:
=== Aman ===
In Aman a bhí cónaí ar na ''Valar'', is é sin, ar na "miondéithe" nó na hardaingil a bhí cosúil le déithe na [[miotaseolaíocht]]aí [[An tSean-Ghréig|Gréagacha]], [[An tSean-Róimh|Rómhánacha]] agus [[An Ghearmáin|Gearmánacha]]. Ós rud é gur [[Caitliceach]] cráifeach ab ea
=== Númenór ===
Bhí an t-oileán úd ''Númenór'' suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, ''The Sundering Seas'' - idir Aman agus an Meán-Domhan. Bhronn na ''Valar'' ar
Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leathinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le h''Erukyermë'' (teacht an Earraigh), ''Erulaitalë'' (lár an tsamhraidh) agus ''Eruhantalë'' (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar.
D'iompaigh muintir Númenór ina seoltóirí agus ina mairnéalaigh mhóra, go háirithe faoi cheannas Vëantur, a bhí ina cheannasaí ar chabhlach an rí (tá cur síos air seo le léamh sa scéal ''Aldarion and Erendis'', sa leabhar ''Unfinished Tales''). Bhí sé de gheasa orthu, áfach, gan seoladh chomh fada siar leis an Ríocht Bheannaithe. I rith an ama, thosaigh an cosc seo ag cur isteach orthu, ó shíl siad go mbeadh neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí suthain ar fáil sna Tailte Neamhbhásmhara. Sa deireadh, d'éirigh siad as Eru Ilúvatar a urramú agus teangacha na nEalbh a labhairt. Ansin, ghléas an rí Ar-Pharazôn fórsa sluaíochta de longa leis an Ríocht Bheannaithe a ionsaí agus an neamhbhásmhaireacht a bhaint amach do na Daoine le lámh láidir. Nuair a chuaigh an fórsa sluaíochta i dtír thiar in Aman, áfach, tháinig feirg ar Eru Ilúvatar, agus bhain sé an Bronntanas de na Daoine: chuir sé Númenór i dtóin phoill leis an gcuid is mó de mhuintir an oileáin.
Ar dtús, diosca mín leibhéalta ab ea
Samhailchomhartha tábhachtach é an "Cosán Díreach" i miotaseolaíocht phríobháideach Tolkien. D'fhéadfá a rá go seasann léirscrios Númenór do thitim an chine dhaonna, don dóigh ar chaill an duine an ceangal díreach do Dhia agus an caidreamh nádúrtha a bhí aige Leisean.
=== An Meán-Domhan féin ===
Line 31 ⟶ 33:
=== An Chéad Aois ===
An chuid is mó de na himeachtaí "staire" a luaigh Tolkien leis an gCéad Aois sa Mheán-Domhan, thit siad amach i mBeleriand. Taobh istigh de chríocha Beleriand, bhí ríochtaí folaithe na nEalbh: Doriath, arbh é an Rí Elu Thingol (Elwë Singollo) a rialaigh í, agus Gondolin, arbh é Turgon a bhunaigh í. Áit thábhachtach eile ab ea Nargothrond, dún daingnithe arbh é an tEalbh Finrod Felagund a bhunaigh é. Thoir sna Sléibhte Gorma a bhí cónaí ar na hAbhaic, agus iad tar éis dhá chathair mhóra a ghearradh sa chloch, Belegost agus Nogrod. Bhí an abhainn mhór úd Sirion ag rith idir Oirthear agus Iarthar Beleriand. San Oirthear, bhí ríocht Ossiriand in inbhear na habhann úd Gelion -
=== An Dara agus an Tríú hAois ===
Sa Dara agus sa Tríú hAois,
Is iad Sléibhte an Cheo teorainn nádúrtha Eriador thoir. Ritheann an sliabhraon seo ón tuaisceart a fhad le hIsengard, nó Orthanc, áit a bhfuil cónaí ar an draíodóir Saruman. I Sléibhte an Cheo a ghearr na hAbhaic an chathair is mó agus is áille dá gcuid riamh, ''Khâzad-dum'' nó ''Moria''.
In Eriador a bhunaigh iarsmaí mhuintir Númenór an ríocht úd Arnor, nó Tír an Rí. Níos déanaí, thit an ríocht seo as a chéile ina trí mhionríocht, mar atá, Arthedain, Cardolan, agus Rhudaur. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinne amach, áfach, bhí na ríochtaí seo ligthe i ndearmad cheana féin. Bhí tír na Hobad, nó an tSír (''the Shire''), suite in Eriador freisin, chomh maith le hImladris nó Rivendell, áitreabh de chuid na nEalbh, cóngarach do thaobh thiar Shléibhte an Cheo.
Taobh thoir de Shléibhte an Cheo, bhí an réigiún mór úd ''Rhovanion'', chomh maith le ''Lothlórien'', tír de chuid na nEalbh, agus Galadriel ina banríon uirthi. Píosa maith ó theas, bhí coill Fangorn, agus an tEinteach - sórt fathach i riocht crainn - Crannfhéasóg (''Treebeard'') ag rialú ansin. Ritheann an abhainn úd Anduin trí Lothlórien, agus taobh thoir de Fangorn. Aniar ón abhainn a bhí an Choill Dhuairc, nó ''Mirkwood''. Níos faide soir fós a bhí Erebor, nó an Sliabh Uaigneach, agus an dragan Smaug ag cur faoi ansin
Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na Rochann - is é an leagan Béarla a bhí ag Tolkien ná ''Rohan'', ach san iarfhocal a chuir sé le ''Tiarna na bhFáinní'', dúirt sé go bhfuil Rohan "bunaithe ar an bhfoirm Rochann, seanfhoirm Rochand", agus mar sin, is féidir Rocha nó tír na Rochann a thabhairt uirthi as Gaeilge. Bhí na Rochannaigh ina gcomhghuaillithe ag muintir Gondor, a raibh a dtír suite taobh theas de Rochainn. De shliocht Númenór ab ea iad muintir Gondor. Taobh thoir de Gondor, bhí Mordor suite, tír a bhí timpeallaithe ag na sléibhte ó thrí thaobh, agus b'ansin a bhí cónaí ar Sauron, an Tiarna Dubh, sa Túr Dorcha, nó Barad-dûr. Bhí na tailte ó theas ó Gondor - Harad, nó an Deisceart - faoi fhorlámhas Sauron, agus a muintir naimhdeach do Gondor.
Line 89 ⟶ 91:
* '''Minas Tirith''' ("Túr an Gharda"), príomhchathair Gondor. (Seanainm: ''Minas Anor'' nó Túr na Gréine. Nuair a ghabh Sauron Minas Ithil, fuair Minas Anor an t-ainm nua.)
* '''Morannon''' nó ''an Geata Dubh'' (''the Black Gate'') -
* '''Mordor''', ríocht Sauron san Oirthear, agus na sléibhte á timpeallú ó thrí thaobh: Ered Lithui sa Tuaisceart agus Ephel Dúath san Iarthar agus sa Deisceart. Bhí gleann dubh domhain in Iar-Thuaisceart Mordor, Gleann Udûn, agus ní raibh sé indéanta daingean Sauron, Barad-dûr nó an Túr Dorcha, a bhaint amach gan dul tríd an ngleann seo. Siar ó dheas ó Barad-dûr a bhí Machaire Gorgoroth, agus tailte ní ba mhéithe níos faide ó dheas, i Núrn, agus bhí na tailte sin á saothrú le bia a sholáthar do shluaite cogaidh Sauron. Bhí loch mór ansin freisin, Muir Núrnen.
Line 95 ⟶ 97:
* '''Orodruin''' (''Sliabh na Tine'') nó ''Amon Amarth'' (''Sliabh na Cinniúna''): bolcán i Machaire Gorgoroth, Mordor. Le tine an bholcáin seo a théigh Sauron an t-ór le haghaidh an tAon Fháinne Amháin, agus ní leáfadh aon tine eile é.
* '''Pelennor''':
* '''Rhûn''': "An tOirthear" i dteanga na nEalbh. Go bunúsach, níor thug Tolkien mórán eolais don léitheoir ar an gcuid seo den Mheán-Domhan, ach amháin go raibh daoine ina gcónaí ansin nach raibh cairdiúil i leith mhuintir Gondor agus na Rochann, agus iad sásta dul i gcomhghuaillíocht le Sauron ina n-aghaidh.
|