An difríocht idir athruithe ar: "Antartaice"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag baint: lmo:Antartich
Líne 27:
Cuireann áilleacht agus méid na gcnoc oighir iontas i gcónaí ar dhaoine, agus is baol do longa anois féin iad. Níl an mhórchuid de na hoighearshruthanna chomh dlúth iontu féin leis an oighear glan toisc go bhfuil beagán aeir istigh iontu. Ar bharr na n-oighearshruthanna “táblacha” tá sraith sneachta bhrúite atá tiús 50 m inti nó os a chionn, ach níl an sneachta sin chomh dlúth le hoighear glan ach oiread.
 
== Oighear Maramara ==
 
Sa [[geimhreadh|gheimhreadh]] reonn cuid mhaith den fharraige timpeall na hAntartaice agus téann uisce an-fhuar síos sa duibheagán, áit a dtéann sé i bhfeidhm ar shruthanna na n-aigéan. Téann an t-oighear go mór i bhfeidhm ar an atmaisféar freisin agus oibriú na n-aigéan á mhaolú aige. Bacann sé malartú na ngás ([[ocsaigin]], [[Dé-ocsaíde charbóin|dé-ocsaíd charbóin]], gal uisce agus eile) agus bíonn sé ina insliú idir an fharraige agus an atmaisféar: is lú an méid teasa a chailleann an t-[[uisce]]. Chomh maith leis sin, frithchaitheann an t-oighear solas agus teas na [[An Ghrian|gréine]].