An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
'''Jack the Ripper''' (''Seac an Réabthóir'') a thugtar ar shraithdhúnmharfóir nár gabhadh riamh a bhí gníomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar [[Whitechapel]], [[Londain]] sa bhliain [[1888]]. Mharaíodh sé [[striapachas|striapacha]] go brúidiúil, agus é ag gearradh na bputóg astu mar a bheadh sé ag foghlaim anatamaíochta - mar sin creideann a lán inniu féin gur dochtúir nó máinlia a bhí ann. Glactar leis gur cúigear a mharaigh sé (cuirtear mná eile san áireamh ó am go chéile).
 
 
==Cúlra an Scéil==
 
Timpeall ar lár na naoú haoise déag bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó Éirinn, agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra na Breataine Móire, East End i Londain san áireamh. Ón mbliain 1882, bhí dídeanaithe Giúdacha ó Impireacht na Rúise agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair 1888 mheasúnaigh Údarás Póilínithe na Príomhchathrach, nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
 
== Na hÍospartaigh ==