An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 10:
San am seo bhí fir anaithnid ag ionsaí ban in East End chomh minic is go bhfuil sé deacair ainghníomhartha Jack a aithint thar an gcuid eile acu. Chuir Údarás Póilíní na Príomhchathrach aon dúnmharú déag san áireamh agus iad ag fiosrú an scéil, an chéad cheann acu rinneadh ar an [[3 Aibreán]], 1888, agus an ceann deireanach, thit sé amach ar an [[13 Feabhra]], [[1891]]. Ba iad seo "dúnmharuithe Whitechapel" de réir théarmaíocht na bpóilíní, ach is doiligh a rá arbh é an ciontóit céanna a rinne iad go léir. Go bunúsach glactar le cúig cinn acu mar "chúigear canónta", is é sin, na dúnmharuithe a bhfuil lorg láimhe Jack le haithint orthu. Is iad comharthaí sóirt a chuid oibre ná gearrthaí doimhne sa scornach, drochíde a tugadh do na baill ghiniúna, baint an inneachair as an mbolg agus lorg an fhoréigin ar an aghaidh, dar leis an gcuid is mó acu siúd a chuir spéis i scéal Jack. An chéad dá chás a fiosraíodh mar dhúnmharuithe i Whitechapel, ní áirítear ar an gcúigear canónta iad. Ba iad [[Emma Elizabeth Smith]] agus [[Martha Tabram]] na híospartaigh.
Rinneadh robáil agus ionsaí gnéis ar Smith i [[Sráid Osborn]], Whitechapel ar an [[3 Aibreán]], 1888. Sádh maide de chineál éigin isteach ina faighin, ionas gur polladh an peireatóineam aici, agus fuair sí bás le h[[Peireatóiníteas|athlasadh an pheireatóinéim
Maraíodh Martha Tabram ar an [[7 Lúnasa]], 1888, agus d'aithin lucht na foiréinsice 39 gcneá sáite ar a colainn. Chomh brúidiúil is a bhí an cás, bhí na póilíní claonta chun a shíleadh gurbh é Jack a rinne an obair, ach inniu, glactar leis gur murdaróir éigin eile a bhí i gceist. Cé gur tugadh drochíde don bhean bhocht, níorbh í an drochíde chéanna a thugadh Jack dá chuid íospartach.
|