An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Content deleted Content added
Líne 12:
Is stáisiún [[teilifís]]e [[Éire]]annach é '''TG4''' atá dírithe ar cainteoirí [[Gaeilge]] in Éirinn agus ar fud an domhain ar an idirlín. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar [[Oíche Shamhna]] [[1996]] mar '''Teilifís na Gaeilge''' nó '''TnaG''', ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain [[1999]]. Bhí TG4 faoi stiúir [[RTÉ]] go dtí gur athraigh sé go corparáid neamhspleách poiblí ar an gcéad lá d'Aibreáin [[2007]], tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd i 2001.
 
[[ Íomhá: TG4_aingeal_mtk_design17-520x292-www.TG4.ie-.jpg |thumb|border|left| Samhaltán craiceáilte[[osréalachas|osréalaíoch]] sa bhliain [[2008]] - [[2010]] TG4 – aingeal nocht agus innill níocháin ]]
Cé go raibh an stáisiún cáinte ag daoine áirithe sna meáin Bhéarla ar dtús (mar shampla - bhaist an t-iriseoir Kevin Myers 'Telefís De Lorean' air, ag déanamh tagart don chomhlacht mí-rathúil De Lorean), tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar [[Peil Ghaelach na mBan]]. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'[[Aontas Craolacháin na hEorpa]].