An difríocht idir athruithe ar: "Luas an tsolais"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is tairsceach fisiciúl é '''Luas an tsolais''', úsáidtear an litir c len é a chur in iúl. Séard is ciall leis ná an luas a thógann radaíocht leictreamaighnéadac...' |
No edit summary |
||
Líne 1:
Tairiseach fisiciúil é '''luas an tsolais''' san fholús, agus é tábhachtach ina lán brainsí eolaíochta. Is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí matamaitice ná '''c''', agus is ionann é agus 299,792,458 méadar in aghaidh na soicinde. Is luach cruinn é seo, nó is de réir na huimhreach seo a shainítear an méadar mar aonad faid.
Deir Teoiric Speisialta Coibhneasachta Albert Einstein gurb é luas an tsolais uasmhéid an luais is féidir d'aon rud - fuinneamh, damhna nó faisnéis - a shroicheadh agus iad ag taisteal san ollchruinne.´Ós é luas an tsolais é, is é luas na gcaithníní gan mhais agus luas na radaíochta a bhaineann leo - is é sin, luas na radaíochta leictreamaighnéadaí. Glactar leis freisin gurb é luas na himtharraingthe - luas na dtonnta a iompraíonn an imtharraingt. De réir theoiric na coibhneasachta, is ionann luas an tsolais dar le gach breathnóir, cé gur féidir go bhfuil na breathnóirí seo ag druidim i dtreo a chéile nó ag gluaiseacht ar shiúl ó chéile. Mar sin caithfidh na toisí go léir athrú agus dul as a riocht lena chinntiú gurb ionann luas an tsolais: tá siad coibhneasach, ach is rud absalóideach é luas an tsolais.
{{Síol}}
|