An difríocht idir athruithe ar: "Piorána"
Content deleted Content added
No edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 20:
}}
Tugtar '''pioránaí''' ar speicis [[iasc|éisc]] na fine ''Characidae'', san ord ''Characiformes'', agus iad an-choitianta in abhainní [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]]. Uiliteoirí iad go bunúsach, ach tá clú, nó míchlú, orthu ar fud an domhain mar fheoiliteoirí, nó tá fiacla géara acu, agus iad santach san fheoil, mar a chreidtear. Ón taobh eile de, maraítear cuid mhaith acu i Meiriceá Theas le haghaidh bia, agus na bundúchasaigh ag déanamh uirlisí as drandail na bpioránaí.
Go traidisiúnta, is iad na [[géineas|géinis]] ''Serrasalmus'', ''Pygocentrus'', ''Pygopristis'', agus ''Pristobrycon'' a aithnítear mar phioránaí, ós is acusan atá na drandail tipiciúla. Ar chúiseanna
Ar ndóigh bíonn siad éagsúil ó thaobh na méide de chomh maith, ach go tipiciúil bíonn an piorána ó 15 go 26 ceintiméadar ar fad.
Bíonn páirt thábhachtach ag na pioránaí san éiceachóras agus iad ina gcreachadóirí agus ina scroblachóirí araon. Itheann siad síolta agus
Cé gur áibhéil agus dathadóireacht a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó de na scéalta faoi na pioránaí a ionsaíonn agus a itheann daoine agus ainmhithe móra, bíonn priacail áirithe ag baint leis na pioránaí. Ábhar feirge agus frustrachais iad go minic do na hiascairí, nó bíonn siad ag déanamh dochair do na líonta, do na spiléid, do na doruithe agus don trealamh iascaireachta eile, ag baint a bplaiceanna féin as na héisc eile sna líonta agus ag goid na mbaoití. Thairis sin, is gnách leo greim a bhaint as an iascaire atá á marú. San áit a mbíonn na hiascairí ag gutáil a gcuid creiche agus ag caitheamh an mheanaigh san [[uisce]], is féidir leis na pioránaí bheith dainséarach don té a chuireann lámh nó cos san uisce, agus iad ina thaithí gur bia é gach uile shórt a gheobhaidh siad rompu.
|