An difríocht idir athruithe ar: "Piorána"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 20:
}}
Tugtar '''pioránaí''' ar [[speiceas|speicis]] [[iasc|éisc]] na fine ''Characidae'', san ord ''Characiformes'', agus iad an-choitianta in
Go traidisiúnta, is iad na [[géineas|géinis]] ''Serrasalmus'', ''Pygocentrus'', ''Pygopristis'', agus ''Pristobrycon'' a aithnítear mar phioránaí, ós is acusan atá na drandail tipiciúla. Ar chúiseanna [[bitheolaíocht]]a agus [[géineolaíocht]]a, áfach, glactar leis inniu gur chóir an [[géineas]] ''Pygopristis'' agus cuid den ghéineas ''Pristobrycon'' a fhágáil ar lár, sin nó an ceithre cinn agus an géineas ''Catoprion'' a chur san áireamh freisin.
Pé scéal é ní bhíonn na saineolaithe ar aon fhocal faoi cad is piorána ann, agus bíonn siad ag teacht trasna ar [[speiceas|speicis]] nua ghaolmhara inniu féin. Is féidir go bhfuil trí scór speiceas éagsúil ann. Ar ndóigh bíonn siad éagsúil ó thaobh na méide de chomh maith, ach go tipiciúil bíonn an piorána ó 15 go 26 ceintiméadar ar fad.
Bíonn páirt thábhachtach ag na pioránaí san éiceachóras agus iad ina gcreachadóirí agus ina scroblachóirí araon. Itheann siad [[síolta]] agus [[planda]]í chomh maith le feoil, ach ní bhíonn mórán maithe iontu le síolta na bplandaí a dháileadh, nó bíonn an piorána ag mungailt na síolta chomh mion is nach dtéann aon cheann acu iomlán trí chóras díleáite an éisc.
Cé gur áibhéil agus [[dathacha|dathadóireacht]] a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó de na scéalta faoi na pioránaí a ionsaíonn agus a itheann daoine agus ainmhithe móra, bíonn priacail áirithe ag baint leis na pioránaí. Ábhar feirge agus frustrachais iad go minic do na [[iascaireacht|hiascairí]], nó bíonn siad ag déanamh dochair do na líonta, do na spiléid, do na doruithe agus don trealamh iascaireachta eile, ag baint a bplaiceanna féin as na
|