An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíre|ainm_dúchasach=''Kalaallit Nunaat''<br />''Grønland''
|íomhá_na_brataí=Flag of Greenland.svg{{!}}border
|íomhá_an_armais=Coat_of_arms_of_Greenland.png
|méid_armais=100px
|ainm_gin_bain=na Graonlainne
|ainm_gin_fir=na Graonlainne
Line 42 ⟶ 43:
|fonótaí=}}
 
Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de [[An Danmhairg|Ríocht na Danmhairge]] í '''an Ghraonlainn''' ([[Danmhairgis]]: ''Grønland'' nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise[[Graonlainnis]]e ''Kalaallit Nunaat'' ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra [[Ceanada|Cheanada]], agus d'fhéadfá a rá gur cuid de [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]] í ar chúiseanna tíreolaíochta[[tíreolaíocht]]a agus geolaíochta[[geolaíocht]]a. As na tailter arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis [[an Eoraip]] - leis na tíortha [[Críoch Lochlann|Lochlannacha]], an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta.
 
Tháinig na hIonúitigh go dtí an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad [[Lochlannaigh]] síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach[[Ionúit]]each go dtí an Ghraonlainn sa [[13ú haois]], agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
 
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, is ceann de na tíortha í ar comhpháirteanna iad de Chomhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Tá stádas cosúil ag [[Oileáin Fharó]] freisin. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
 
Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir, ''tunumiit oraasiat'' nó ''tunumiisut'', agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an [[Béarla]] sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.
 
==Bailte móra==
 
Baile mór atá i gceist sa Ghraonlainn má sháraíonn daonra an áitribh leathmhíle duine. Is í príomhchathair na Graonlainne, Nuuk (Danmhairgis: Godthåb), an ceann is mó acu, agus níl ach 15,500 duine ina gcónaí ansin féin.
 
 
* Aasiaat (Egedesminde), trí mhíle duine
Líne 77:
{{síol}}
 
[[Catagóir:Oileáin|Graonlainn]]
[[Catagóir:An Ghraonlainn| ]]
{{Nasc AR|la}}