An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Content deleted Content added
Líne 54:
Tá Gaoth Dobhair cáiliúil mar gheall ar a áilleacht mara agus tíre. Is dócha gurb í [[an Earagail]] os cionn Loch Dhún Lúiche an ghné is so-aitheanta sa cheantar. Is é an sliabh is airde é i g[[Contae Dhún na nGall]]. Thart ar Ghaoth Dobhair tá gleanntáin fhairsinge, ina measc tá Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an pháirc náisiúnta is mó sa tír. Radharc suntasach eile i nGaoth Dobhair ná 'Bád Eddie', bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna [[1970idí]] agus atá ann go fóill.
 
Ar chósta Ghaoth Dobhair tá cuid mhór tráigheanna agus aillte le fáil, chomh maith le hoileáin cosúil le Toraigh agus [[Gabhla]] agus na caoráin atá forleathan timpeall na háite. Taobh le Gabhla tá na hoileáin Iomphainn, Inis Meán agus Inis Oirthear.
 
== Iompar ==