An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainn"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: lez:Исланди
Líne 91:
 
=== Plandaí agus Ainmhithe ===
[[Íomhá:Icelandic sheep summer 06.jpg|200px|thumb|left|[[Caora]] Íoslannach]]
Is beag planda nó ainmhí a tháinig chun na hÍoslainne ó dheireadh na hoighearaoiseh[[oighearaois]]e 10,000 bliain ó shin. Tá eolas ar thuairim is 1,300 feithid ann, méid atá sách íseal le hais a bhfuil le fáil i dtíortha eile. Níl reiptílí ann, agus ní bhfuair na chéad daoine rompu ach sineach amháin, an [[madra rua]] Artach, ainmhí a bhain amach an Íoslainn thar an bhfarraige reoite i ndeireadh na hoighearoise.
 
Coillte[[Coill]]te beithe agus tundra is dual don Íoslainn, cé nach bhfuil fásra ar bith le fáil i dtrí cheathrú den tír; tá [[féar]] ann freisin agus é á ithe ag beithígh[[beith]]ígh. Bhíodh coillte beithe (''Betula pubescens'') le fáil i gcuid mhaith den deisceart, ach chuir daoine isteach go mór ar an bhfód éadrom bolcánach agus ar an mbeagán spéiceas a bhí ann. Baineadh an-úsáid as na coillte le haghaidh breosla agus adhmad tógála, agus tharla creimeadh de bharr an dífhoraoisithe, rud a bhac ar athfhás na mbeithí. Anois níl ach roinnt bheag beithí ann, cé go ndearnadh coillte nua a chur agus crainn iasachta san áireamh.
 
Ar na hainmhithe atá le fáil san Íoslainn anois tá caoirigh, beithígh, cearca[[cearc]]a, [[gabhair]] agus [[Capall|capaill]] láidre dúchasacha. Is iomaí saghas éisc atá le fáil ann, agus iad ar bhreis is leath na n-easportálacha. Tá madraí rua ann, lucha[[luch]]a, [[francaigh]], coiníní[[coinín]]í, minceanna[[minc]]eanna agus réinfhianna[[réinfhia]]nna. Tagann béir bhána ó am go chéile agus cnoic oighir á n-iompar ón [[An Ghraonlainn|nGríonlainn]]. Tá éin go leor ann – faoileáin, fuipíní, meirligh mhara agus [[Saidhbhéar|saidhbhéir]]. Tá míolta móra le feiceáil, agus iad á seilg mar bhia agus ar son an taighde. <ref>[http://www.hafro.is/undir_eng.php?ID=15&REF=2 Marine Research Institute: Cetaceans]</ref>
 
== Stair ==