An difríocht idir athruithe ar: "Guairne"

Content deleted Content added
Regrettably, a full rewrite was necessary to make this at least relatively intelligible Irish.
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Spin-physics-w.jpg|thumb|300px|Taispeánann an pictiúr seo cuarc (an liathróid dhearg) ó phrótón amháin ag tul-imbhualadh faoi ghlúón (an liathróid uaine) ó phrótón eile a bhfuil a ghuairne i gcodarsnacht leis an gcéad cheann. Is iad na saigheada gorma ag dul timpeall na bprótón agus an chuairc a sheasann don ghuairne. Na comharthaí ceiste gorma timpeall an ghlúóin, is í an cheist a chuireann siad ná, an bhfuil na glúóin polaraithe. Na cáithníní atá á n-astú ón imbhualadh, is cith cuarc iad chomh maith le fótón amháin solais, an liathróid phurpartha.]]
 
San fhisic chandamach agus i bhfisic na mbuncháithníní, tugtar '''guairne''' ar airí áirithe bhunúsach a bhaineann leis na buncháithníní, leis na cáithníní comhshuite (na hadróin) agus le núicléis na n-adamh. Leis an nguairne a dhéanamh níos intuigthe ag an neamh-shaineolaí, is minic a deirtear gurb ionann é, ar bhealach, agus an buncháithnín a bheith ag casadh timpeall ar a ais, ach is gá cuimhne a choinneáil air nach bhfuil ann ach simpliú garbh.
 
Tá an chandamuimhir guairne chéanna ag na buncháithníní go léir den chineál chéanna, agus is cuid thábhachtach é luach na candamuimhreach seo de staid chandamach an cháithnín. Tá baint ag guairne na leictreon, de réir theoirim na staitisticí guairne, le prionsabal eisiamh Wolfgang Pauli, agus sa deireadh, is toradh don phrionsabal sin é an dóigh a bhfuil na dúile ceimiceacha ag teacht sna sálaí ag a chéile i dtábla peiriadach na ndúl. Céim saoirse intreach thábhachtach é treo guairne an bhuncháithnín, agus ar mhaithe leis an ngiorracht tugtar guairne ar an treo guairne freisin go minic.