An difríocht idir athruithe ar: "Cánacht na Crimé"

Content deleted Content added
No edit summary
{{bosca sonraí}} ++
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíortha Stairiúla
Stát stairiúil ab ea '''Cánacht na Crimé''' a bunaíodh ar Leathinis na [[An Chrimé|Crimé]] nuair a thit an tóin as stát an [[An Mathshlua Órga|Mhathshlua Órga]]. B'í an ceann ab fhadsaolaí de na cánachtaí a tháinig i gcomharbas ar impireacht an Mhathshlua Órga.
|ainm_coitianta=Cánacht na Crimé
|ainm_dúchasach=قريم يورتى<br>Qırım Yurtu
|tús=[[1441]]
|deireadh=[[1783]]<sup>1</sup>
|íomhá_na_brataí=Gerae-tamga.svg
|íomhá_an_armais=
|ainm_gin_bain=
|ainm_gin_fir=
|mana_náisiúnta=
|amhrán_náisiúnta=
|íomhá_learscáile=Crimean Khanate.svg
|príomhchathair =Bahçeseray
|teanga(cha)=Tatairis Criméach, Tuircis Otamánach
|cineál_rialtais=[[Monarcacht]]|
|teidil_na_gceannairí=
|ainmneacha_na_gceannairí=
|fonótaí=<sup>1</sup> - i gceangal leis an Rúis}}
Stát stairiúil ab ea '''Cánacht na Crimé''' a bunaíodh ar Leathinis na [[An Chrimé|Leathinis na Crimé]] nuair a thit an tóin as stát an [[An Mathshlua Órga|Mhathshlua Órga]]. B'í an ceann ab fhadsaolaí de na cánachtaí a tháinig i gcomharbas ar impireacht an Mhathshlua Órga.
 
==Stair==
===Bunús===
Cuireadh an chéad tús le Cánacht na Crimé nuair a chinn treibheacha áirithe fáin de chuid an Mhathshlua Órga éirí as saol na fánaíochta agus socrú síos sa Chrimé. Thug siad cuireadh do Hacı Giray, duine de shliocht sleachta [[Geingeas Cán|Gheingis Cháin]] a bhí díreach ag dréim le ríchathaoir an Mhathshlua Órga, dul i gceannas ar an gCrimé, agus bhí Giray sásta leis an smaoineamh seo. B'éigean dó an-chath a chur ar an Mathshlua Órga le saoirse a bhaint amach don Chrimé, ach sa bhliain [[1441]], bhunaigh sé an Chánacht mar thír neamhspleách. San am sin, b'ionann an Chánacht agus an chuid ba mhó de Leathinis na Crimé, in éineacht le ''Deist-i-Ciptseac'', is é sin, machairí móra Dheisceart [[An Rúis|na Rúise]] is [[An Úcráin|na hÚcráine]].
[[File: Mengli bayezid.jpg|thumb|180px|right|[[Meñli Giray]] ag tabhairt cuairte ar chúirt an tSabhdáin Otamánaigh [[Bayezid II]]]]
Line 6 ⟶ 26:
Má bhí an Chrimé neamhspleách ar an Mathshlua Órga, b'éigean don Chán géillsine a mhóidiú don [[Impireacht Otamánach]] go gairid ina dhiaidh sin. Nó nuair a fuair Hacı bás, d'éirigh ina chogadh cathartha idir a chuid mac faoin gcomharbas, agus ba í an Impireacht Otamánach a shocraigh an scéal trí thacaíocht a thabhairt do dhuine amháin de na mic, Meñli Giray. An bhaint a bhí ag an Sabhdán Otamánach agus ag Cán na Crimé le chéile, áfach, bhí sí ní ba chosúla le comhghuaillíocht chothrom ná le géillsine an vasáilligh dá thiarna. Is é is cúis leis seo, is féidir, go raibh urraim ag an Sabhdán d'fholaíocht Gheingis Cháin. Bhí an chomhghuaillíocht seo iontach fabhrach a fhad is a mhair an Impireacht Otamánach láidir, ach de réir mar a tháinig meath uirthi, thosaigh an t-ádh ag teip ar Chánacht na Crimé chomh maith.
 
===Buaicré===
Cibé scéal é, ón lá a rug Meñli Giray bua ar Chán deireanach an Mhathshlua Mhóir (arbh é a raibh fágtha den Mhathshlua Órga san am) sa bhliain [[1502]], thosaigh Cáin na Crimé ag maíomh go raibh siad i dteideal sheantailte ríocht Gheingis Cháin sa réigiún idir [[Abhainn Volga]] agus an [[Mhuir Chaisp]], is é sin, áit a raibh cánachtaí Kazan agus Astrakhan. San am céanna, bhí prionsaí Rúiseacha Mhoscó ag cur suime sna tailte seo, agus ba dual don dá ríocht cogaí a chur ar a chéile. Sa bhliain [[1571]], d'éirigh le Devlet Giray an cath a bhriseadh ar shluaite Mhoscó agus [[Moscó|cathair Mhoscó]] féin a dhó, éacht a thuill an leasainm "Taht-Algan" ("Sciobadóir na Ríchathaoireach") dó. An bhliain a bhí chugainn, áfach, chaill sé torthaí an bhua seo ar fad i gCath Molodi.
 
Line 14 ⟶ 35:
Ba í an Tatairis Chriméach caint na sráide, agus na mionlaigh in ann í a labhairt chomh maith le duine. An teanga oifigiúil liteartha a bhí á saothrú sa tír, áfach, ba í an teanga Chaghatay í, in éineacht leis an Tuircis Otamánach. Is é an cineál teanga a bhí i gceist leis an teanga Chaghatay ná comhtheanga na bpobal ar fad a bhí ag labhairt canúintí Tuircice sa Mheán-Áise. Bhí an teanga Chaghatay i muinín na haibítre Arabaí, nach dtaispeánann na gutaí ach ar éigean, agus mar sin, bhí cainteoirí na gcanúintí éagsúla ábalta a bhfuaimniú féin a bhaint as an teanga scríofa, ó choinnigh an córas scríbhneoireachta an chuid ba mhó de na difríochtaí canúna faoi cheilt.
 
===Meath===
Bhí tradáil na ndaor ar ceann de na slite beatha ba tábhachtaí ag an gCánacht. Ba nós leis na Cáin agus leis na fir uaisle sluaíochtaí a ghléasadh le daoine a cheapadh sna machairí móra agus a dhíol in aonach na ndaor. Uaireanta, chuaigh fir uaisle ag ceapadh daor beag beann ar thoil an Cháin, agus fiú i ndiúnas ar na conarthaí síochána a bhí i bhfeidhm faoi láthair. Creidtear gur fhuadaigh na Tataraigh Chriméacha trí mhilliún duine ar fad, Úcráinigh an chuid ba mhó acu, fad is a mhair an Chánacht. An t-eagar míleata a chuir na [[Cosacaigh]] orthu féin, freagra a bhí ann, go bunúsach, ar bhagairt na Cánachta.