An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"

Content deleted Content added
Spaircí (plé | dréachtaí)
m Cealaíodh athrú 538134 le 87.42.122.7 (plé), vandalism
íomhá
Líne 43:
 
Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|shaighdiúirí dubha]] ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo.
[[Íomhá:Sackville Street (Dublin) after the 1916 Easter Rising.JPG|left|thumb|280px|Sráid Sackville, mar a thugtaí ar Shráid Uí Chonaill tar éis an Éirí Amach]]
 
[[Íomhá:Leacht-1916.JPG|right|thumb|280px|Leacht cuimhneacháin Éirí Amach na Cásca ar Dhroichead an tSairséalaigh, Luimneach sa bhliain 2003. Cuireadh suas é ar shuíomh dhealbh na Ríona Victoria a pléascadh suas i ndiaidh Chogadh na Saoirse.]]
Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an g[[An Chanáil Mhór (Baile Átha Cliath)|Canáil Mhór]]. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó [[Dún Laoghaire|Dhún Laoghaire]]. Rinne na ''[[Sherwood Foresters]]'', reisimint de chuid [[Arm na Breataine]], iarracht an Chanáil a thrasnú ag [[Sráid an Mhóta]], ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre ([[Aonacht Átha Cliath Theas]]), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh [[Cathal Brugha]] go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith [[Sliogán (urchar)|sliogán]]. Maidir le [[Faiche Stiabhna]], d'fhág na reibiliúnaigh í, nuair nach raibh siad ábalta í a choinneáil a thuilleadh, agus na Sasanaigh ag cur snípéirí agus meaisínghunnadóirí ag obair sa chomharsanacht. Chúlaigh lucht cosanta Fhaiche Stiabhna - saighdiúirí de chuid an Airm Chathartha a bhí ann - faoi chomandracht [[Mícheál Ó Mulláin|Mhíchíl Uí Mhulláin]] go [[Coláiste Ríoga na Máinlianna]], áit ar fhan siad go dtí gur ghéill siad iad féin do na Sasanaigh.
 
Líne 54:
 
=== Na hImeachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ===
[[Íomhá:Leacht-1916.JPG|right|thumb|280px|Leacht cuimhneacháin Éirí Amach na Cásca ar Dhroichead an tSairséalaigh, Luimneach sa bhliain 2003. Cuireadh suas é ar shuíomh dhealbh na Ríona Victoria a pléascadh suas i ndiaidh Chogadh na Saoirse.]]
Ina lán áiteanna, tháinig díormaí d'Óglaigh amach le páirt a ghlacadh san éirí amach, ach má tháinig, d'fhill siad abhaile nuair a fuair siad amach faoin rud a bhí ordaithe ag Eoin Mac Néill. Slógadh complachtaí iomlána i g[[Contae Thír Eoghain]] agus céad tríocha is beirt fhear i m[[Bóthar na bhFál]] i m[[Béal Feirste]]. Bhí [[Liam Ó Maoilíosa]] i gceannas ar thrúpa a thug ionsaí mírathúil faoi stáisiún na bpéas i n[[Gaillimh]]. Mharaigh Seán Mac an tSaoi agus a chuid Óglach ó [[Contae Lú|Chontae Lú]] péas agus séiléir. I g[[Contae Loch Garman]], shealbhaigh na hÓglaigh [[Inis Córthaidh]] de ghrá an tsiombaileachais go ceann cupla lá, sular ghéill siad iad féin do na Sasanaigh. Mar sin, ní éirí amach a bhí ann ach athchruthú na n-imeachtaí i mBliain na bhFrancach. Chruinnigh míle Óglach le chéile i g[[Corcaigh]] ar Dhomhnach na Cásca, ach ansin, chuala siad an t-ordú a tháinig ó Eoin Mac Néill agus scaip siad arís. Níor cuireadh cath ceart ach i g[[Cill Dhéagláin]]. Ansin, mharaigh na hÓglaigh ochtar péas agus ghoin siad cúigear déag eile.