An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
An chéad duine eile a mharaigh siad, bhí aithne ní b'fhairsinge air fós. Fear óg mallintinneach a bhí ann a dtugtaí Daft Jamie, nó Séimí Néaltraithe, air. Chuir Séimí troid ar a shon, agus b'éigean don bheirt fhear é a mharú in éineacht. Thosaigh a mháthair ag cur a tuairisce. Nuair a nocht an Dochtúir Knox an buachaill an lá arna mhárach, d'aithin daoine de na mic léinn é. Shéan Knox gurbh é Séimí a bhí ann, ach deirtear gur ghearr sé suas an aghaidh roimh aon chuid eile den chorp.
 
B'í Mary Docherty, nó Máire Ní Dhochartaigh, an duine deireanach a maraíodh. Dúirt an Búrcach léi gur de mhuintir Uí Dhochartaigh dá mháthair féin, le hí a mhealladh isteach sa teach lóistín. Ansin, d'fhan sé go dtí gur fhág a chomhlóisteoirí, Ann agus James Gray, an áit, agus mharaigh sé Máire. Chuala na comharsanaigh gleo na troda, áfach.
 
An lá arna mhárach, d'éirigh Ann Gray drochamhrasach, nuair nach ligfeadh an Búrcadh di dul in aon chóngar don leaba ar fhág sí péire stocaí inti. Teacht an tráthnóna, bhí Ann agus James Gray ina n-aonar sa teach, agus nuair a sheiceáil siad an leaba, tháinig siad ar chorp Mháire Ní Dhochartaigh fúithi. Ag dul amach le fios a chur ar na póilíní dóibh, casadh Eibhlín Nic Dhubhghaill orthu. D'áitigh Eibhlín orthu dearmad a dhéanamh den scéal, ar acht go bhfaighfidís deich bpunt an tseachtain de bhrabús na gcorp. Dhiúltaigh siad.
 
Thug Eibhlín Nic Dhubhghaill agus Margaret Hare rabhadh don bheirt dhúnmharfóirí go raibh na póilíní ar a lorg, agus bhí d'uain acu an corp a thabhairt amach as an teach sular tháinig na póilíní. Nuair a cuireadh ceastóireacht orthu, áfach, tháinig an Búrcach agus Eibhlín salach ar a chéile faoin am ar imigh Máire Ní Dhochartaigh, mar dhea. Fuair na póilíní leide a thug i dtreo an Dochtúra Knox iad, agus i seomra ranga an dochtúra, tháinig siad ar chorp Mháire. B'é James Gray a d'aithin í. Bhí na dúnmharfóirí gafa anois, chomh maith leis an mbeirt bhan, agus bhí an tsraith dúnmharfóireachta críochnaithe i ndiaidh aon mhí déag.