An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: an:Gaels
Líne 25:
 
==== An Albain ====
P-Cheiltis a bhí á labhairt i ndeisceart na tíre le linn na Rómhánach, agus glacann a lán scoláirí leis gur theanga P-Cheiltise í an [[na Cruithnigh|Phiochtais]] a bhí á labhairt sa tuaisceart sa luathmheánaoiseanna. Bunaíodh Ríocht na bPiochtach roimh an 6ú haois AD agus mhéadaigh de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge, [[Lochlainnis]] agus Béarla (san oirdheisceart) le cloisteáil ann.
[[Íomhá:Alexander III and Ollamh Rígh.JPG|thumb|left|300px|Corónú Alasdar III na hAlban i Sgàin ar 13 Iúil 1249. Tá an ''ollamh rígh'' ag beannú dó agus é ag rá: "Benach De Re Albanne" (''Beannachd Dé Rígh Alban''). Ansin ríomhann sé ginealach an Rí.]]
 
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.<ref>A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick.</ref> Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na ''Gàidheil'' le fáil thiar feasta, sna [[Garbhchríocha]], in [[Inse Gall]] agus feadh Mhaol na nGall.
 
== Na Gaeil sa Bhaile ==