An difríocht idir athruithe ar: "Zombaí"
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: th:ซอมบี |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Groupofzombiesjoelf.jpg|thumb|deas|220px|Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu]]
Is éard atá i gceist le '''zombaí''' ná [[corpán]] agus é
Bíonn na zombaithe an-choitianta i [[Scannán uafáis|scannáin uafáis]] ár linne.
Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, ionas go dtiteann an tóin as an tsibhialtacht ar fad, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd ''Cell'' le [[Stephen King]]. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin ''Invasion of the Body Snatchers'' ón mbliain 1956. Sa scannán seo, b'iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.
Líne 9:
Níltear cinnte, cárb as ar tháinig an focal sin ''zombaí''. Is féidir gurb é ''jumbie'' is bun leis, focal gnáthchainte sna hIndiacha Thiar a chiallaíonn "[[taibhse]]". Focal spéisiúil eile é ''nzambi'', focal as an teanga Kikongo. Is é is ciall leis ná "spiorad an duine mhairbh". Cibé scéal é, is dócha gur tháinig an téarma ó cheann de theangacha Bantúcha na hAfraice trí Fhraincis [[Háítí]]. Focal eile is fiú a lua sa choimhthéacs seo ná ''nzúmbe'', ón teanga Kimbundu. Is é is brí leis ná "taibhse".
==Na Zombaithe sa Phopchultúr==
Dealraíonn sé gurbh é William Seabrook (1884-1945) a thug isteach an zombaí - an focal - i leathchaint an phopchultúir Mheiriceánaigh leis an leabhar ''The Magic Island'' a tháinig i gcló sa bhliain 1929. Scríbhneoir agus taistealaí a bhí i Seabrook agus an-suim aige sa chanablacht agus sa vúdú. Sa bhliain 1932, rinne an stiúrthóir Victor Halperin an scannán ''White Zombie'', a bhí ar an gcéad scannán uafáis faoi na zombaithe a chuaigh ar an scáileán riamh sna Stáit Aontaithe. Ba é Bela Lugosi a rinne páirt an zombaí.
[[Catagóir:Carachtair fhicseanúla]]
|