An difríocht idir athruithe ar: "Lugdunum"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 30:
==Cath Dhún Lugh==
Tháinig deireadh leis an Dara haois le coimhlint eile do chomharbas impiriúl. Maraíodh an timpire Peirteanacs i 193, agus thriáil ceathrúir ghinearál nua an suíochán ríoga a fháil. D’fhorbair beirt chéile comhraic- Clóidias Ailbíneas agus Septimius Severus (Seiptimias Sevéireas)- comhaontas poilitiúil ar dtús. B’iad-lagáid na Breataine é Ailbíneas, a bhí i gceannas ar léigiúin sa Bhreatain agus sa Ghall. Bhí Severus i gceannas ar na léigiúin panónacha. Dhaingnigh Sevéireas a chumhacht sa Róimh, agus bhris sé a chomhaontu le Ailbíneas. D’aontaigh Seanas na Róimhe leis, agus d’fhógraigh siad gur naimhead phoiblí a bhí in Ailbíneas.
Bhí Clóidias tar éis a airm a bhunú garr do Dhún Lugh go luath i 195. Rinne sé plean ann chun Severus a fhreagairt (go mílíteach). Fuair sé tacaíocht ó Lucius Novius Rugus, gobharnóir Hispania Tarraconensis (an cúige "Spáinn Tharracó"). Thóg Severus a airm ón Iodáil don Ghearmáin i leith dheiridh 196. Throid na hair mar dtús i dTinurtium ("Tionáirtiam" nó "Tournus"), timpeall 60 km suas na Sóine ó Dhún Lugh. Chúiligh Ailbíneas lena fhórsaí siar ansin do Lugdunum.
Ar 19ú Feabhra 197 d’ionsaigh Severus Clóidias arís in iarthuaisceart na cathrach. Bhí airm Ailbíneas cloíte i gCath folach Dhún Lugh. Deir Dio Cassius go raibh 300,000 fear ag troid. Chuir Ailbíneas lámh ina bhás féin i dteach in aice na Róine; seoladh a cheann don Róimh mar rábhadh dá thacadóirí. Céasadh éinne i nDún Lugh a thug tacaíocht d’Ailbíneas ina dhiadh. Fágadh an cathair ‘ina fothraigh’ tar éis na troda.