An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

Content deleted Content added
m bhí dhá fhocal ar lár
Líne 23:
Le fortacht a thabhairt don Chonstáblacht, agus í ag titim as a chéile le teann lagmhisnigh, d'fhruiligh [[Rialtas na Breataine]] fórsaí breise as measc iarshaighdiúirí Sasanacha agus Albanacha a bhí go díreach tar éis teacht abhaile ón Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh na hearcaigh seo go hÉirinn sa bhliain [[1920]]. B'iadsan na [[Dúchrónaigh]] agus na [[Póilíní Cúnta]] a tharraing an oiread sin náire ar an mBreatain Mhór agus go ndeachaigh na Sasanaigh chun comhchainteanna leis na hÉireannaigh. Mar a dúirt Páidín Ó Sé, a raibh a athair ina ghnáthchonstábla san am: ''Plá agus tabhartas ó Dhía ab ea iad san am céanna. Tháinig siad chun cabhrach, ach chuir siad sceimhle agus scanradh orthu sin féin a bhí ag súil le cúnamh uathu''. D'éirigh cuid mhaith de na constáblaí as, agus an samhnas a chuir brúidiúlacht uafásach na nDúchrónach orthu. Bhí cuid mhaith eile ag comhoibriú leis na hÓglaigh, cuid acu ag iarraidh teacht slán as an gcogadh agus an chuid eile ag éirí báúil le cúis na nÓglach dáiríre píre. Bhí constáblaí báúla ag cabhrú leis na hÓglaigh, mar shampla, nuair a rinne siad foghail ar bheairic na Constáblachta sa [[An Chorr Chríochach|Chorr Chríochach]] i gContae [[Tír Eoghain|Thír Eoghain]] i Meitheamh na bliana [[1920]]. Shealbhaigh na hÓglaigh an bheairic ar an [[An Scoil (Contae Chorcaí)|Scoil]] i gContae Chorcaí ar an dóigh chéanna. I Mí Dheireadh Fómhair [[1920]], fuair na constáblaí ardú pá, ó bhí sé ag éirí ní ba deacra bia agus beatha a choinneáil leat ar an obair seo. Bhí na siopaí á ndiúltú faoi sheirbhís, de réir mar a bhí ordaithe ag Dáil Éireann.
 
I Mí na Nollag [[1920]], rinne [[Acht Rialtais Éireann|an tAcht um Rialtas na hÉireann]] críochdheighilt ar an tír, agus i Mí Iúil [[1920]], tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. I rith dhá bhliain, bhí 418 ball den Chonstáblacht maraithe. In Eanáir na bliana 1922, cuireadh deireadh le Constáblacht Ríoga na hÉireann, agus tháinig an [[Garda Síochána]] i gcomharbas uirthi sa [[Saorstát Éireann|Saorstát]]. B'í [[Constáblacht Ríoga Uladh]] a ghlac uirthi féin na dualgaisí céanna i d[[Tuaisceart Éireann]].
 
Is iomaí constábla a chuaigh ó thuaidh le dul i gConstablacht Ríoga Uladh. Dá thoradh sin, bhí 40%, nó beirt fhear as gach cúigear, ina gCaitlicigh san fhórsa sin nuair a tháinig sé chun saoil. Nuair a chuaigh na fir seo ar pinsean, áfach, thit an uimhir sin síos go 8%, ó bhí spiorad láidir Aontachtach na Constáblachta doicheallach roimh Chaitlicigh an Tuaiscirt. Chuaigh roinnt seanchonstáblaí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i nGarda Síochána, ó bhí siad tar éis cuidiú agus cúnamh a thabhairt do na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Cuid eile fós, chuaigh siad ar pinsean, agus thoiligh údaráis an tSaorstáit an pinsean sin a íoc leo. Bhí constáblaí ann, freisin, a raibh eagla orthu go n-agrófaí díoltas de shórt éigin orthu, agus d'éalaigh siadsan go dtí an Bhreatain Mhór in éineacht lena dteaghlaigh. Chuaigh cuid acu seo go dtí an [[An Phalaistín|Phalaistín]], nó bhí póilíní ag teastáil ansin faoin am seo.