An difríocht idir athruithe ar: "Éire"

Content deleted Content added
Flóra agus fána
Líne 21:
 
==Flóra agus fána==
Ós rud é go raibh an t-oileán scartha amach ó mhór-roinn na hEorpa de bharr ardú mara ag deireadh na hoighearaoise, níl a leithéid d'éagsúlacht ainmhithe is a bhfuil le fáil sa Bhreatain nó ar mhórthír na Eorpa. Na speicis a fhaightear go fliúrseach ná an [[sionnach]], an [[gráinneog|ghráinneog]] agus an [[broc]]; chomh maith leis an [[giorria]], an [[fia rua]] agus an [[cat crainn]] i líonanna níos lú. Tagtar ar roinnt ainmhíthe mara i bhfarraigí an oileáin freisin, mar atá an [[turtar mara]], an [[siorc]], an [[rón]], an [[míol mór]] agus an [[deilf]].
 
Níl [[nathair]] ar bith le fáil, agus is í an [[laghairt]] an t-aon reiptíl a fhaightear ann.
 
I measc na speicis díofa a chuaigh i léig ná an [[fia mór]], an [[falcóg mhór|fhalcóg mhór]] agus an [[mac tíre]]. Tugadh an t-[[iolar fíréan]] isteach arís, tar éis dó a bheith imithe leis na glúinte.
 
== Spórt ==