Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
nasc le "abair Dia dhuit ar fud an domhain"
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
 
 
[[Abair Dia dhuit ar fud an domhain|Dia dhaoibh]] ar fud an domhain.<br> Is [[Gael]] mé, a tógadh in [[Éire|Éirinn]] sa [[Galltacht|Ghalltacht]]. Mar sin féin, tógadh le [[Gaeilge]] mé, le scolaíocht Bhéarla, agus tá mo chroí in iarthar na hÉireann. Tá gach cosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh mé ar ais go hÉireann laistigh de dhá mhí, ach idir an dá linn, beidh mé ag cur tuairiscí as [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], áit a bhfuilim le 11 mblian. Roimhe sin, chaitheas seal i [[Sasana]] agus sa [[an Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]]. Bhíos sa bh[[an Fhionlainn|Fionlainn ]] ag deireadh mí [[Lúnasa]], ag spaisteoireacht agus ag breathnú ar an [[Ring des Nibelungen]], sraith [[opera]] [[Richard Wagner]], agus táim ag déanamh cur síos ar na rudaí seo, chomh maith le go leor rudaí eile, cuid acu nach bhfuil aon eolas speisialta agam orthu! Is [[dochtúir leighis]] mé, a chleachtann [[Síciatracht]] agus tá roinnt eolais agam ar [[Fraincís|Fhraincís]], [[Spáinnis]], [[Gearmánais]], agus [[Iodáilis]], agus ar ndóigh déanaim corr-aistriúchán uathusan agus ón Sacs-[[Béarla|Bhéarla]].
Line 5 ⟶ 4:
Imeasc na n-alt a scríobhas ar dtús, faoi na hainmneacha meabhar, 207.127.241.2 agus 207.69.138.138 (is minic a bhíonn ''cookies disabled'' ar mo chuntasaí, ar chúis amháin nó cúis eile):
 
* [[Creideamh]], [[an Nollaig]], agus ábhair gaolmhara
* [[Éire]] agus gnéithe dá cuid staire agus cultúir, [[Tuaisceart Éireann]], [[Béal Feirste]], [[an Fhionlainn]], [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], agus ábhair gaolmhara
* [[oileáin Árann]], [[Conamara]] agus ábhair gaolmhara
Line 16 ⟶ 15:
* Cuirimis ríomhphost dár gcairde agus gaolta go léir atá aon líofacht Gaeilge acu.
* Breac síos do chuid tuairimí ar stair, taisteal, srl. Táim beagnach cinnte go rinneas féin mór-bhotúin, mar shampla, im' chuid iarrachtaí sa stair, ach ceartóidh mé féin nó duine éigin eile ar deireadh iad.
* Bíodh misneach againn! Nuair a thosaíos ar an Vicipéid ag deireadh mí Iúil 2004, bhí tuairim is 80 alt againn. Ag deireadh Mheáin Fómhair, mar a bhíos ag súil, bhí 300 againn (rinneas iarracht mór le feoil éigin a chur ar an suíomh ansin). Cé go bhfuil cuid mhaith de na hailt slachtmhar agus cuimistheach, níl ach 438470 againn go fóill. Cuimhnigí go bhfuil 2,850846 ag an mBreatnaism[[Breatnais]], 946 ag [[Gaeilge na hAlban]] agus 425431,863187 ag an mBéarlam[[Béarla]]!
* Léigh páipéar nuachta nó iris, agus scríobh 3 alt ghairid, nó déan cur síos ar cupla ghné ded' chuid oibre féin.
* Tá an-eolas ar rudaí Gaelacha i Wikipedia an Bhéarla freisin - aistriúcháin ar ainmneacha bailte, stair, srl.
* Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh roinnt oideachais againn ar an nGaeilge - tá tús curtha agam leis, ach bheadh naisc an-úsáideach. Fch ar cheannleathanach na Breatnaise (Cymraeg) maidir leis na naisc breátha atá ann. Curtha in eagar - [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 0721:0830, 18ú23ú Nollaig 2004 (UTC) ----