An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Image:Conradh na Gaeilge Baile Átha Cliath 2006 Kaihsu Tai.jpg|thumb|right|Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, [[Baile Átha Cliath]]]].
Eagraíocht is ea é '''Conradh na Gaeilge''' a bunaíodh sa bhliain [[1893]] chun an [[Gaeilge|Ghaeilge]] a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa [[19ú haois]] a stop. Is gnách dearcadh ar [[Dubhghlas de hÍde|Dhubhghlas de hÍde]] mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an ngluaiseacht Gaeilge lena chuid óráidíochta faoi ath-Ghaelú na hÉireann. Bunaitheoirí tábhachtacha eile ab ea iad [[Eoin Mac Néill]] agus [[Eoghan Ó Gramhnaigh]].
 
B'é Eoin Mac Néill a chuir gairm chruinnithe ar na daoine nár chuma leo todhchaí na Gaeilge. Tháinig cruinniú bunaithe an Chonartha le chéile in uimhir a naoi, Sráid Sackville (inniu, Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath). B'é ba spreagadh d'Eoin Mac Néill féin ná an óráid a thug Dubhghlas de hÍde do Chumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac faoi "dhíghalldú" na hÉireann, ar an 16ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1891]], chomh maith leis an léacht a thug sé do Chumann Náisiúnta na Litríochta ar an 25ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain [[1892]]. B'í aisling de hÍde ná an tÉireannach a ath-Ghaelú le cuidiú leis cothromaíocht cheart a shaoil a fháil ar ais. Go bunúsach, bhí de hÍde den bharúil go raibh an tÉireannach ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna Shasana, agus gurb ábhar áthais dó, mar Éireannach, gach taisme nó tubaiste a d'éiríodh do Shasana. B'é tuairim de hÍde ná go mbeadh an tÉireannach ábalta dul i dteagmháil leis an Sasanach féin ar bhonn ní ba chothroime, dá mbeadh teanga dá chuid féin á labhairt aige agus nósanna dá chuid féin á gcleachtadh aige.