An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"
Content deleted Content added
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: diq:Herbê Dınyayê Yewine |
|||
Líne 32:
=== Rás na nArm ===
Deirtear gurb as [[aontú na Gearmáine]] sa bhliain [[1870]] a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mionstáit Ghearmánacha le chéile in aon mhórstát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl. Ar dtús, ní raibh cuma ródhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach. Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh. Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a
Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain, agus ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidire cogaidh de chineál nua - ''dreadnoughts
=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===
|