An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán"

Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: gn ag baint: bpy ag mionathrú: ko, tr
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 16:
Ba é an clós múrtha nó [[Daingniú|daingnithe]] an chéad saghas “caisleáin” agus bhí sé le fáil ar fud na hEorpa. Is éard a bhí ann clós ar ros, port cré ina thimpeall, sonnach tógtha ar bharr an phoirt agus an chré féin bainte aníos as díog. Bheadh an bealach isteach cosanta ag túr. Bhain tiarnaí na [[Normannaigh|Normainne]] an-fheidhm as an gclós múrtha anuas go dtí an [[11ú haois]].
 
Tar éis an chlóis úd tháinig móta agus bábhún: mullóg agus túr ar a bharr, sonnach ina thimpeall agus díog nó “móta” amuigh. Tógadh na chéad chinn sa ré Chairilíneach idir [[an Réin]] agus an Loire. Ansin tosaíodh á dtógáil i dtuaisceart na hEorpa, sa [[An Danmhairg|Danmhairg]] sa 12ú haois agus lastoir den [[an Eilbe|Eilbe]] sa 13ú haois.<ref> Jean-Pierre Babelon (eag.), ''Le Château en France'', lch 21</ref> I [[Fraincis|sean-Fhraincis]] déanann an focal “motte” tagairt don mhóta agus don mhullóg araon, agus b’fhearr, mar sin, an abairt “mullóg agus bábhún” a úsáid.
 
Bhí na daingin seo ó 50 méadar go 200 méadar trasna agus ó 10 go 60 méadar ar airde.<ref>Gauvard, lch 144</ref> Is minic a rinneadh an mhullóg d’aonghnó, cé gurbh fhéidir feidhm a bhaint as mullóg nádúrtha, agus uaireanta chuirfí sruth ar mhalairt slí chun an díog a líonadh. Bheadh droichead crochta ó fhrithbhalla na díge anonn thar thúr adhmaid geata chun barr na mullóige.<ref>Cathcart King, 1988, lgh 55-56</ref> B’fhéidir nach mbeadh ann ach an mhullóg lom, ach ba mhinic daingean ar a bharr.<ref>Friar, 2003, lch 214</ref> Uaireanta thógfaí an mullóg ar sheanchaisleán nó ar sheanhalla, agus dhéanfaí áiteanna stórais nó carcair de na seanseomraí thíos faoi dhaingean nua.<ref>Barthémely, 1988, lch 397</ref>