An difríocht idir athruithe ar: "Għawdex"

Content deleted Content added
linkspam, tús
Iolar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Is é '''Għawdex''' (Béarla agus Iodáilis: ''Gozo'') an dara hoileán is mó in oileánra [[Málta|Mhálta]]. Ceantar tuaithe agus curadóireachta atá ann, an chuid is mó, nó tá talamh méith ann, agus seansaol mhuintir Mhálta beo ansin i gcónaí. Tá Għawdex 67 km² ar achar, agus sa bhliain 2005, bhí 31,053 duine ina gcónaí ansin, duine as an gcúigear acu i Rabat (Béarla: Victoria), príomhchathair an oileáin.
 
Ar nós oileán Mhálta féin, tá cuid mhaith iarsmaí ón gClochaois le feiceáil san oileán, ar nós na struchtúir mheigiliteacha in Ġgantija.