An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
Rugadh '''Diarmaid Ó Súilleabháin''' (1932-1985) in aice leis na hAoraí i leithinis Bhéara, [[Contae Chorcaí]]. Fuair a chuid meánscolaíocht i gColáiste Íosagáin, Baile Bhúirne agus chuaigh as sin go Coláiste Phádraig, Droim Chonrach chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile. Bhí sé obair le daltaí bodhra i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain tar éis dó cáiliú i 1951. Chaith sé dhá bhliain eile ag obair ina cheantar dúchais sula bhfuair sé post buan i Scoil na mBráithre i n[[Guaire]]. Phós sé Úna Ní Chléirigh as [[Contae na Mí]] i 1954 agus bhí cúigear clainne acu.
 
Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg, ach spreagadh a spéis sa teanga agus i bpolaitíocht ag daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i g[[Cogadh na Saoirse]], agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil. Bhí sé ina bhall gníomhach de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas [[na Sealadaigh|na Sealadach]] i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.