An difríocht idir athruithe ar: "Núicléón"
Content deleted Content added
No edit summary |
Gramadach. Dothuigthe ar fad. Bhí athscríobh iomlán de dhíth. |
||
Líne 1:
Is é is '''núicléón''' ann ná cáithnín núicléach, nó cáithnín fo-adamhach den chineál atá le fáil i núicléas an adaimh. Tá dhá chineál núicléón ann, mar atá, an [[prótón]] agus an [[neodrón]]. [[Barón (fisic)|Baróin]] is ea iad, is é sin, cáithníní atá comhdhéanta as trí [[Cuarc|chuarc]]. Go dtí na seascaidí, ba nós a shíleadh gur buncháithníní a bhí iontu, agus nach bhféadfaí struchtúr inmheánach a aithint iontu. Inniu, tá a fhios ag na saineolaithe go bhfuil cuarcanna ann, agus iad á ngreamú dá chéile ag na [[Glúón|glúóin]].
Tá na núicléóin féin á gcoinneáil le chéile i núicléas an adaimh ag na fórsaí núicléacha. Sna laethanta a bhí, ba nós "idirghníomhaíocht láidir" a thabhairt ar na fórsaí seo, ach is é an tuiscint atá ag na fisiceoirí inniu gur fearr a rá gurb í an idirghníomhaíocht idir na cuarcanna agus na glúóin an "idirghníomhaíocht láidir". Is í an chrómaidinimic chandamach an teoiric is nua-aimseartha le taighde a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht láidir le saintréithe na núicléón a mhíniú.
Is é an [[prótón]] an barón is éadroime atá ann, agus is í cobhsaíocht an phrótóin atá ina miosúr ar imchoimeád na h[[Uimhir bharónach|uimhreach barónaí]]. Cuireann cobhsaíocht an phrótóin diansrianta leis na teoiricí tuairimíochta atá ag iarraidh samhail chaighdeánach na [[fisice cáithníní|Fisic cháithníneach]] a fhairsingiú. Is dual don neodrón meath lag a theacht air, ionas go n-iompóidh sé ina phrótón, rud is cúis leis an radaighníomhach.
|