An difríocht idir athruithe ar: "Scéim phirimide"

Content deleted Content added
Líne 7:
==Scéimeanna Pirimide ar Chuala an Saol Iomrá orthu==
 
* San [[18ú haois|ochtú haois déag]] bhí a leithéid de scéim ann agus Cuideachta na Farraige Theas, nó ''South Sea Company'' - is gnách [[Baothchuideachta na Farraige Theas]] (''South Sea Bubble'') a thabhairt ar an ngnólacht seo. Go bunúsach bhí an chuideachta ag tabhairt le fios go raibh sí le trádáil a dhéanamh le [[Meiriceá Theas]]. San am a tharla seo, mar atá, 1710, bhí an [[Ríocht Aontaithe]] sáite i gcogadh leis [[an Spáinn]], agus ní raibh tíortha Mheiriceá Theas in aon neasacht don neamhspleáchas - coilíníochtaí de chuid na Spáinne a bhí iontu. Mar sin ní raibh seans ar bith ann go bhfaigheadh an chuideachta trádáil ar bith a dhéanamh leis na tíortha sin. Tríd is tríd is follasach nach raibh ann sa deireadh thiar thall ach scéim phirimide nó Ponzi. Ba í Cuideachta na Farraige Theas a thug inspioráid don scríbhneoir [[Noel Coward]] an dráma úd ''The South Sea Bubble'' a chumadh.
 
* Ba é Charles (Carlo) Ponzi an fear óna bhfuarthas an téarma úd "scéim Ponzi". Bhí Ponzi gníomhach sa ghnó timpeall na bliana 1920. Níorbh é féin a chum ná a cheap an bunsmaoineamh, nó tá sé chomh sean leis an saol gnó féin: bhí tagairtí do chamscéimeanna cosúla i gcúpla úrscéal le [[Charles Dickens]], mar shampla.