An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Mhanann"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: lt:Meniečių kalba
gramadach: "sa naoú haois déag" = "sa 19ú haois"
Líne 43:
Ós rud é go bhfuil Oileán Mhanann sách scartha ó shaol an Bhéarla, mhair an teanga slán na céadta bliain beag beann ar smacht polaitiúil na Sasanach ar an oileán, cé gurbh é an Béarla teanga oifigiúil na mbailte móra agus an riaracháin. Ón mbliain [[1334]] i leith, bhí an t-oileán á rialú ag tiarna éigin a bhain le huasalaicme Normannach Shasana. An tiarna deireanach den chineál seo, mar atá, Diúc Athol, dhíol sé an t-oileán le coróin Shasana sa bhliain 1765. Bhí an smuigléireacht ina gnó forleathan san oileán, rud a spreag rialtas Shasana chun seilbh dhíreach a fháil ar Mhanainn le dlíthe an Rí a chur i bhfeidhm ansin. Nuair a cailleadh an gnó sin, áfach, thosaigh an t-oileán ag bánú in éagmhais teacht isteach, agus na daoine ag aistriú go Meiriceá ar lorg pá. Shocraigh an chuid is mó de na Manannaigh i Meiriceá síos in [[Ohio]], timpeall ar chathair [[Cleveland, Ohio|Cleveland]], agus creidtear go raibh an Mhanainnis á labhairt mar theanga phobail i gCleveland níos deireanaí ná in Oileán Mhanann féin.
 
===Tionchar na Turasóireachta sansa 19ú AoishAois===
Nuair a bhí na Manannaigh féin ag dul ar imirce ina sluaite móra, chuir turasóirí saibhre Sasanacha sonrú san oileán mar áit saoire, agus thosaigh siadsan ag tonnadh isteach. D'éirigh gnó na cuairteoireachta ina thionscal mór i Manainn, agus ar ndóigh, bhí an Béarla de dhíobháil ar na bundúchasaigh a bhí ag iarraidh cupla pingin a shaothrú ag freastal ar na turasóirí. Dá réir sin, thosaigh an malartú teanga in Oileán Mhanann, agus i lár na naoú haoise déag, scoith an Béarla an Mhanainnis mar theanga thromlaigh san oileán. I dtús na fichiú haoise, bhí an Mhanainnis imithe mar theanga phobail, ach mhair seanchainteoirí in áiteanna go dtí an dara leath den aois chéanna. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, [[Ned Maddrell]], bás ar an seachtú lá fichead de Mhí na Nollag sa bhliain [[1974]].