An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 45:
Bhíodh an Bhútáin ar cheann de na tíortha ba iargúlta ar domhan ach diaidh ar ndiaidh tá méid áirithe forbartha ar súil go háirithe sna ceantair uirbeacha. Agus an fhorbairt seo ar súil, tá iarrachtaí ar súil ag an am céanna gan cultúr ársa agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, agus ionas go mbeidh cothromaíocht ann idir an fhorbairt agus an caomhnú, d'fhorbair rialtas na tíre a [[fealsúnacht|fhealsúnacht]] féin ar tugadh "OllSonas Náisiúnta" uirthi (as [[Béarla]] "Gross National Happiness"). Mar thoradh ar an bhfealsúnacht seo, maítear go bhfuil ag éirí leis an rialtas ollscriosadh na timpeallachta a sheachaint agus cuirtear béim faoi leith ar chultúr, ar chéannacht agus ar thimpeallacht na tíre a chaomhnú. Tuairiscíodh san iris ''Newsweek'' sa bhliain 2006 gurbh iad na daoine ba shonasaí ar domhain iad na Bútánaigh. Sin de réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain céanna agus ar tugadh "World Map of Happiness" air.
Is reiligiún an stáit é an Búdachas Vajrayana, agus is [[Búdachas|Búdaithe]] iad formhór na ndaoine. Is í an [[Hiondúchas]] an dara [[reiligiún]] is mó sa tír.
Tar éis na céadta bliain faoi stiúir monarcachta absalóidí vótáil muintir na tíre sa chéad toghchán daonlathach i mí Márta 2008. Tá an Bhútáin mar bhall de na Náisiúin Aontaithe agus SAARC i measc cumann idirnáisiúnta eile.
== Ainm ==
|