An difríocht idir athruithe ar: "Toghchán an Phápa"

Content deleted Content added
m Athainmníodh Conas a thogthar Pápa nua mar Toghchán an Phápa: Current naming is inappropriate in wikipedia/encyclopedia context
m +IV +Wikify
Líne 1:
Habemus'''Toghchán papem!an Phápa'''. (An ''Conclave'') Conas a thogthar [[Pápa]] a dhéanamh nua.

==An ''Conclave''==
I ndiaidh bháis an Phápa, deimhníonn ceannaire Choláiste na gCairdinéil, an [[Camerlego]], an bás. Ina sheasamh os comhair an choirp, glaonn sé ainm baiste an Phapa. Toisc nach gcloistear freagra, fógraíonn sé bás an Phápa. Ansin, socraíonn sé briseadh Fháinne an Phápa – ar a bhfuil greanta ainm an Phápa i réim – agus Séala an Phápa freisin. Cruthófar fáinne eile i gcomhair an phápa nuathofa níos deireanaí. Leis seo, socraíonn an Camerlego tórramh an Phápa agus na naoi lá bróin a bhíonn mar nós ar ócáid mar seo. Anois, le cuidiú ó triúr oifigeach de chuid an choláiste, stiúraíonn sé an toghchán chun Pápa nua a roghnú.

Line 9 ⟶ 10:
Maidin arna mhárach, cloiseann na cairdinéil an t-aifreann sa Séipéal Sistín agus tar eis sin cuirtear an seisiún toghchána ar bun. De réir athrú a rinne an Pápa Pól VI, níl cead vótála ag cairdinéal atá breis is ceithre scór bliain d’aois. Cé nach toghadh ach cairdinéil leis na cianta, tá gach [[Caitliceachas|Caitliceach]] fásta fireann “[[papabile]]” (ina iarrthóir féideartha don Phápacht) de réir teoirice, ar aon nós!

Is le ballóid rúnda scríofa a dhéantar an toghchán agus is iad an Camerlego agus an triúr ina chuideacht a bhíonn i mbun áirimh. Roimhe seo, bhí dhá thrian agus aon vóta amháin de dhíth chun Pápa nua a thoghadh. I [[1996]], áfach, d’aithrigh [[Pápa Eoin Pól II]] an coinníolach seo. Anois, mara bhfuil toradh faighte tar éis 12 nó 13 lá, is féidir Pápa nua a thoghadh ar tromlach glan (leath agus aon vóta amhain).

Bíonn dhá bhalóid ar maidin agus dhá cheann san iarnóin go toradh. Tar éis gach seisiún vótála, dóitear na páipeir ballóid. Mara bhfuil réiteadh ann, cuirtear ábhar ceimiceach ar na páipéir chun deatach dubh a chur amach. Le feiceáil os cionn dhíon [[Pálá na Vatacáine|Phálás na Vatacáine]], is comhartha é seo don slua bailithe le chéile i g[[Cearnóg Naomh Pheadair]] go bhfuil an eaglais fós gan Phápa.

==Habemus papem!==
I ndeireadh na dála, nuiar atá cinneadh déanta ag na cairdinéil, íslíonn gach cairdinéal ceannbhrat corcra os comhair a chathaoireach agus fágtar ceannbhrat an Phápa nuathofa fillte. Cuirtear na ballóid deireanaigh sa tine agus is é an deatach bán astu an comhartha go bhfuil toradh faighte sa toghchán. Fiafraíonn Déan na gCairdinéil den ball roghnaithe an nglacann sé leis an toghchan agus má ghlacann, cén t-ainm ab fhearr leis a bheith air. Ag an bpointe seo, aithnítear é go hoifigiúil mar Pontifex Maximus, Pápa Naofa na Róimhe. I nidiaidh glactha, déantar Easpag na Róimhe de agus umhlaíonn chuile chairdinéal roimhe.

Line 19 ⟶ 21:
Ansin, téann Déan Choláiste na gCairdinéil amach ar bhalcóin na Vatacáine agus foilsíonn sé an scéala seo:

{| width=100%
:''Annuntio vobis gaudium magnum! Habemus Papam! Eminentissimus et Reverendissimus Dominus, Dominus ___ Sanctae Romanae Ecclesiae Cardinalis Qui sibi accipit nomen ___.''

| width=50% align=left valign=top |
:''Fógraím dea-scéala mór daoibh! Tá Pápa againn! An Tiarna Oirirc Urramach, an Tiarna Cairdinéal _____ de chuid Eaglais Naofa na Róimhe a ghlacann dó féin an t-ainm ____.''
''Annuntio vobis gaudium magnum:''

''Habemus Papam!''

''Eminentissimus et Reverendissimus Dominus, Dominus [AINM]''

''Sanctae Romanae Ecclesiae Cardinalis''

''Qui sibi accipit nomen [AINM PÁPACH].''

| width=50% align=left valign=top |
''Fógraím dea-scéala mór daoibh:''

''Tá Pápa againn!''

''An Tiarna Oirirc Urramach, an Tiarna Cairdinéal [AINM]''

''de chuid Eaglais Naofa na Róimhe''

''a ghlacann dó féin an t-ainm [AINM PÁPACH].''

Nochtann an Pápa nua é féin ar thaobh an Déin chun Beannacht Apstaileach a thabhairt. Ba nós é an Pápa nua a iompar ar fud na gCearnóige ar an Sedia Gestatoria (Ardchathaoir an Phápa) agus [[Tiara an Phápa|Tiara (coróin) an Phápa]] a chur ar a cheann le go leor deasgnáith. Ba shiombalachas ríoga é seo a d’éirigh seanaoiseach sna blianta seo caite agus ba é an [[Pápa Eoin Pól I]] a chuir deireadh leis an nós seo. Níl a thuilleadh deasgnáith de dhíth mar, i ndiaidh toghcháin, níl aon neach níos uaisle san eaglais, de réir diagachta, a bhfuil an údarás aige chun a leithéid a dhéanamh.

Cúpla lá i ndiaidh an toghcháin, deirtear an chéad Aifreann Pápach. Ar siúl don altóir doibh, stadann an mórshiúil faoi thrí chun píosa línéadaigh a chur trí thine, atá ceangailte ar giolcach. Le meath na lasracha, deireann duine éigin go séimh leis an bPápa “Pater Sancte, sic transit gloria mundi” (a Athair Naofa, is mar seo a imíonn glóir an tsaoil). Deirtear seo mar chuimhneachán don Pápa gur duine fós e le bás i ndán do, cé go bhfuil post ollmhór aige sa saol seo.

[[be:Канклаў]]
[[cs:Konkláve]]
[[da:Konklave]]
[[de:Konklave]]
[[en:Papal election]]
[[et:Konklaav]]
[[es:Cónclave]]
[[eo:Konklavo]]
[[fr:Conclave]]
[[gl:Conclave]]
[[io:Konklavo]]
[[id:Konklaf]]
[[it:Conclave]]
[[he:קונקלווה]]
[[lt:Konklava]]
[[hu:Konklávé]]
[[nl:Conclaaf]]
[[ja:コンクラーヴェ]]
[[no:Pavevalg]]
[[pl:Konklawe]]
[[pt:Conclave]]
[[ru:Конклав]]
[[sk:Konkláve]]
[[sl:Konklave]]
[[fi:Konklaavi]]
[[sv:Konklav]]
[[uk:Конклав]]
[[zh:教宗选举]]